factograf
GA
Sign in

Segovia

Segovia

Key facts

daonra52,375
achar dromchla164km²
sampla debardasacht sa Spáinn, cathair
tíran Spáinn
príomhchathairCathair Segovia
airde os cionn na farraige1,002m
All data from the card 13
Príomhchathair de
cúige Segovia
Príomhchathair
Cathair Segovia
Iomlán
52,375 (2025)
• Dlús
320.16 hab./km²
Cuid de
Red de Juderías de España Comunidad de Ciudad y Tierra de Segovia (en)
Achar dromchla
163.59 km²
Airde
1,002 m
Eachtra thábhachtach
Siege of Segovia (en)
Éarlamh
Virgin of Fuencisla (en)
Cód poist
40001–40006
Glaochód
921
INE code (en)
40194
Suíomh gréasáin
segovia.es

Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Segovia. Tá sí mar phríomhchathair an chúige Segovia. Tá clú agus cáil ar an gcathair de bharr na foirgnimh stairiúil mar shampla an t-uiscerian Rómhánach, an Ardeaglais (an Ardeaglais Ghotach is deireanaí a thógadh san Eoraip), agus an caisleán Alcazar, a raibh tionchar aige air Caisleáin Cinderella Walt Disney. Tá lár cathrach Segovia mar Súiomh Oiltreacht UNESCO sa bhliain 1985. Creidtear go bhfuil bunús Ceilteach ag baint leis an ainm. Tá Segovia lonnaithe ar Má an Chaistíl Sean in aice Valladolid agus príomhchathair na Spáinne, Maidrid.

Tíreolas

Tá Segovia ceann as naoi gcúigí i gCaistíl agus León. Tá Burgos agus Valladolid ó thuaidh, Ávila siar, Maidrid, agus Soria soir. Tá an cúige sách ard ag dul ó 750 metres siar ó thuaidh go dtí uasphointe an chúige; 2,430 m i bpáirc Peñalara i Sierra de Guadarrama.

Tá Segovia suite ar phríomh-bhealach Camino de Santiago de Madrid.

Tá aeráid te-samhraidh an Mheánmhuir aici de bharr an airde agus an fad ón gcósta. Bíonn an meán teochta bliantúil ag 12.42 °C ach i rith mí Iúil tá an meán teocht 29.7 °C ann. Tá báisteach bliantúil ag dul ó 400 go 500 mm sna má íseal agus chomh ard le 1000 mm sna sléibhte in aice na cathrach, Sierra de Guadarrama. Bíonn go leor ceathanna de bharr stoirm samhraidh sé sin bíonn níos mó báisteach anseo na áiteanna eile na Spáinn a thugann fásra méith don áit.


Stair

Alcázar Segovia.
Alcázar Segovia.
Ardeaglais Segovia
Ardeaglais Segovia
Geata San Andrés
Geata San Andrés
3 images

Bhí Segovia i dtús báire mar lonnaíocht Ceilteach agus ansin thóg na Rómhánaigh é. Deirtear go raibh Cath ann sa bhliain 75 RC ina raibh lámh in uachtar ag Quintus Caecilius Metellus Pius ar Quintus Sertorius agus Hirtuleius (a bhásaigh i rith an chatha). Bhí sé mar chuid de clochar Rómhánach a bhí lonnaithe san áit. Thréigeadh an áit de bharr Ionradh na Moslamach roinnt céadta ina dhiaidh. I ndiaidh Ath-ghabháíl Toledo le by Alfonso VI na Caistíle agus León, athlonnaíodh an áit le Críostaith ó tuaisceart na tíre agus Na Piréiní a chiallaigh réimse tionchair thrasna Sierra de Guadarrama agus an Tagus. D'fhorbair Segovia mar lárionad tábhachtach i dtaobh trádáil olann agus teisctílí dá bharr. Ag teacht i dtreo deireadh Na Meánaoiseanna d'éirigh an chathair saibhir de bharr thionchar lucht Jiudaigh agus an tionscadal éadaigh. Tógadh foirgnimh Gotacha álainn i rith an tréimhse seo. D'fhógraíodh Eilís I na Caistíle mar bhanríon an Chaistíl in eaglais San Miguel de Segovia ar an 13 Nollaig, 1474.

Mar aon le formhór lár-ionaid teicstíle eile, ghlac Segovia páirt in Réabhlóid na Comuneros faoi Juan Bravo. In ainneoin teipeadh an Éirí amach, lean rath eacnamaíochta na cathrach ar aghaidh sa 16ú haois agus d'fhás daonra na cathrach go 27,000 sa bhliain 1594. Ansin tháinig meath ar formhór chathracha na Caistíle, Segovia ina measc. Bliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1694, bhí laghdú ar an daonra go 8,000 daoine. Níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí. Sa bhliain 1808, chreach saighdiúirí Francacha Segovia i rith Chogadh Saoirse na Spáinne. I rith an Chéad Chogadh Carlach, d'ionsaigh airm Don Carlos an chathair ach níor éirigh leis é a thógáil. I rith an 19ú agus 20ú haois tháinig feabhas ar chúrsaí daonra na cathrach de bharr geilleagar sách socair.

Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Read next

In 89 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article