Is bardas agus cathair san Ísiltír é Haarlem. Is é príomhchathair na hOllainne Thuaidh é. Tá an chathair suite ar abhainn Spaarne, timpeall is 20km ó Amstardam.
Is í Haarlem an chathair is mó san Ísiltír atá ag teacht i dtír ar an róthurasóireacht san ardchathair, Amstardam. Níl Haarlem ach sciuird 15 nóiméad ar an traein ó Amsterdam Centraal, tá cáil uirthi de bharr phéinteálacha Frans Hals, agus tá an ailtireacht mhaorga chéanna ar fáil inti agus atá in Amsterdam ach gan t-atmaisféar millte ag caiféanna raithní agus "siopaí pancóga Nutella".