factograf
GA

racghrúpa Gearmánach

Rammstein

Rammstein
All data from the card 9
Ainmnithe in ómós
Ramstein air show disaster (en)
Cineál
banna ceoil
Dáta a bunaíodh
4 Eanáir 1994, Beirlín
Tréimhse oibre
1994 –
Lipéad ceoil
Motor Music Republic Records Universal Music Group
Seánra
Neue Deutsche Härte (en) , industrial metal (en) agus shock rock (en)
Codanna
Till Lindemann Oliver Riedel Christoph Schneider Paul Landers Richard Kruspe Flake Lorenz
Cuid de
Neue Deutsche Härte (en)
Suíomh gréasáin
rammstein.de

Ceolfhoireann miotail nó Tanz-Metal é Rammstein agus é lonnaithe i mBeirlín sa Ghearmáin. Is iad Till Lindemann, Richard Z. Kruspe, Paul H. Landers, Oliver "Ollie" Riedel, Christoph "Doom" Schneider agus Christian "Flake" Lorenz baill na ceolfhoirne. Cé gur gnách leis an mbanna a gcuid amhrán a rá as Gearmáinis, bhain siad amach cáil nach beag timpeall an domhain. Faoi láthair tá siad tar éis seacht albam a eisiúint.

Stair

Ba é Richard Z. Kruspe a chuir an banna ar bun. Ba é an chéad fhoireann a bhí aige ná Orgasm Death Gimmicks, banna a bhunaigh sé i ndiaidh dó cur faoi i mBeirlín sa bhliain 1989. San am sin, bhí Kruspe go mór mór faoi thionchar bannaí Meiriceánacha cosúil le KISS. Nuair a thit Balla Bheirlín, d'fhill Kruspe abhaile go Schwerin, áit a raibh Till Lindemann ina dhrumadóir sa bhanna úd First Arsch. Bhí cónaí ar Kruspe faoi aon díon le hOliver Riedel agus Christoph "Doom" Schneider agus an bheirt acu ag seinm i mbannaí dá gcuid féin. Thosaigh Kruspe agus an bheirt sin ag comhoibriú le ceol de chineál nua a dhéanamh, ceol a bheadh ag baint úsáide as meaisíní chomh maith le ceoluirlisí den ghnáthchineál. Ansin chuala Kruspe Till Lindemann ag canadh amhrán os cionn a chuid oibre, agus d'fhruiligh sé mar fhonnadóir é.

Sa bhliain 1994 ghlac Rammstein páirt i gcomórtas do bhannaí amaitéaracha agus bhain siad an chraobh. Ba é an duais a bhí ag dul don bhuaiteoir ná leas a bhaint as stiúideo proifisiúnta le ceithre amhrán a thaifeadadh. Nuair a chuala Paul Landers an taifeadadh, bhí sé faoi dhraíocht ar fad agus chuaigh sé sa bhanna chomh maith le duine.

Ansin bhí fear de dhíth orthu le seinm ar na méarchláir. Bhí aithne ag Paul Landers ar Christian Lorenz, agus an bheirt acu tar éis ceol a dhéanamh in éineacht roimhe sin. Ar dtús bhí Lorenz idir dhá chomhairle, ach i ndeireadh na dála bhí sé sásta dul i Rammstein.

Albaim

Albaim Stiúideo

  • Herzeleid (1995)
  • Sehnsucht (1997)
  • Mutter (2001)
  • Reise, Reise (2004)
  • Rosenrot (2005)
  • Liebe ist für alle da (2009)
  • Rammstein (2019)
  • Zeit (2022)

Albaim Bheo

  • Live aus Berlin (1999)
  • Völkerball (2006)

In 88 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article