factograf
GA

Heipitíteas ionfhabhtaíoch

Heipitíteas ionfhabhtaíoch
All data from the card 18
Cineál
heipitíteas víreasach, galar uisce-iompartha agus notifiable disease (en)
Speisialtacht leighis
galair thógálacha
Comharthaí
heipitíteas, masmas, urlacan, fiabhras, míbhail, buíochán agus anoireicse
Scrúduithe
ELISA agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise
Cóireáil
díthocsainiú agus entéro-absorbant (fr)
Buaileann sé
ae
Tarchur pataigineach
bealach faecach-béil
Cúis
Hepatitis A virus
ICD-11
1E50.0
ICD-10
B15
ICD-9
070.0 agus 070.1
DiseasesDB
5757
MedlinePlus
000278
eMedicine
177484 agus 964575
Patient UK
hepatitis-a-pro
MeSH
D006506
UMLS CUI
C0019159
DOID
DOID:12549
Heipitíteas ionfhabhtaíoch nó Heipitíteas A
Heipitíteas ionfhabhtaíoch nó Heipitíteas A

Athlasadh san ae ar víreas is bun le Heipitíteas ionfhabhtaíoch nó Heipitíteas A.

Is iad na víris is coitianta ná heipitíteas A, heipitíteas B agus heipitíteas C.

Faightear heipitíteas A trí uisce nó bia truaillithe a ionghabháil. Tarlaíonn galar géar dá thoradh, le fiabhras, masmas, tuirse, is buíochán. Is féidir go mbeidh an t-othar lagaithe ar feadh cuid mhaith míonna, agus go bhfaighidh seanduine bás uaidh. Ní bhíonn torthaí fadsaolacha ar dhaoine a thagann slán uaidh.

Is scéal eile é maidir le Heipitíteas B agus Heipitíteas C, galair nimhiúla thógálacha. Faightear iad ó fhuil nó sreabháin cholainne thruaillithe, go díreach (mar shampla, ó shnáthaid nó i bhfuilaistriú) nó trí chomhriachtain. Galair ghéara cosúil le heipitíteas A is ea iad, ach déantar dochar buan don ae agus tarlaíonn ciorróis is ailse mar thoradh orthu. Cuireann siad tús le timpeall 80% d'ailsí an ae, agus gach bliain maraíonn siad cúpla milliún duine ar fud an Domhain. Meastar go bhfuil an baol d'fhiaclóir 5 oiread níos mó ná don ghnáthdhuine, de bhrí go mbíonn sé ag láimhseáil suas le 20 othar in aghaidh an lae, ag teacht i dteagmháil le sreabháin cholainne mar fhuil is seile na n-othar. Bíonn baol freisin do theicneoirí fiaclacha a thagann i dteagmháil le múnluithe ó na hothair, fiú i bhfad tar éis don sreabhán triomú, mar go bhfanann an víreas nimhiúil tríd an bpróiseas seo. Ar ámharaí an tsaoil, tá ionaclú éifeachtach ar fáil i gcoinne heipitíteas B, agus tá sé práinneach go nglacfaidh teicneoirí atá i mbaol leis.

Tagairtí

Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Read next

In 98 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article