Scríbhneoir Caitliceach Sasanach a bhí i Gilbert Keith Chesterton, a tháinig chun saoil in Kensington, Londain, ar an 29 Bealtaine 1874 agus a fuair bás i mBeaconsfield, Buckinghamshire ar an 14 Meitheamh 1936. Scríobh sé litríocht dhíonchruthaitheach, drámaí, ailt iriseoireachta, scéalta bleachtaireachta, saothair fhealsúnachta agus ointeolaíochta, filíocht agus eile. Is dócha gurb iad na scéalta bleachtaireachta faoin Athair de Brún an chuid is buaine dá chuid scríbhinní.
Tionchar cultúrtha
I dtaca le leabhar Bhiddy Jenkinson An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, dúradh faoin bpríomhcharachtar "gurb é atá sa Duinníneach nua seo ná Hercule Poirot gléasta mar Father Brown (nó vice versa?)."
