factograf
GA

Agatha Christie

Agatha Christie

Key facts

dáta breithe15 Meán Fómhair 1890
dáta báis12 Eanáir 1976
scoil a d'fhreastail sé/síoideachas príobháideach
gairmscríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir coirscéalta
áit bhreitheAshfield
áit bháisWinterbrook
céileMax Mallowan
saothar suntasachThe Murder of Roger Ackroyd
seánradírbheathaisnéis
cur síos ag an bhfoinseMetzler Autorinnen Lexikon (1 ed.)
All data from the card 25
Ainm sa teanga dhúchais
(en) Dame Agatha Mary Clarissa Christie, Lady Mallowan, DBE
Breith
(en) Agatha Mary Clarissa Miller 15 Meán Fómhair 1890Torquay ()
Bás
12 Eanáir 1976 85 bliana d'aoisWinterbrook (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháis
Bás nádúrtha
Áit adhlactha
Church of St Mary, Cholsey (en) Cholsey
Scoil a d'fhreastail sé/sí
oideachas príobháideach
Teanga dhúchais
Béarla
Réimse oibre
Coirscéal, ficsean bleachtaireachta, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, gníomhaíocht liteartha agus Voluntary Aid Detachment (en)
Gairm
scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir coirscéalta
Tréimhse oibre
1920 – 1976
Ball de
Cumann Ríoga na Litríochta Voluntary Aid Detachment (en)
Seánra
Dírbheathaisnéis, ficsean bleachtaireachta, ficsean eachtraíochta agus crime literature (en)
Gluaiseacht
Knox's Commandments (en)
Ainm cleite
Mary Westmacott
Teangacha
Béarla
Gníomhaire
Harold Ober Associates (en)
Coinbhleacht
An Chéad Chogadh Domhanda
Spórt
tonnmharcaíocht
Suíomh a chartlainne
University of Exeter Archives (en)
Teideal uasal
Bantiarna
Céile
Archie Christie (1914–1928), colscaradhMax Mallowan (1930–1976), bás an duine
Páiste
Rosalind Christie ( Archie Christie)
Athair
Frederick Alvah Miller agus Clarisa Margaret Boehmer
Siblín
Margaret Frary Miller agus Louis Miller
Suíomh gréasáin
agathachristie.com
Agatha mar chailín óg
Agatha mar chailín óg

Scríbhneoir Sasanach ab ea Dame Agatha Mary Clarissa Christie Mallowan DBE (née Miller; 15 Meán Fómhair 1890 – 12 Eanáir 1976) a rugadh i Torquay nDevon. Scríobh sí scéinséirí, scéalta dúnmharuithe, agus ficsean coireachta, agus bleachtaireachta. Chomh maith leo seo, scríobh sí scéalta grá faoin ainm cleite Mary Westmacott, ach thar aon rud eile is le haghaidh na 66 úrscéal bleachtaireachta a scríobh sí (go háirithe na cinn le Hercule Poirot nó Miss Jane Marple), chomh maith le níos mó ná 15 bailiúchán gearrscéalta agus drámaí don West End a bhfuil clú agus cáil anois uirthi.

De réir Guinness Book of World Records, is é Christie an t-údar is mó díol ar domhan. Tá idir 2 go 4 billiún (4,000,000,000) cóip dá cuid leabhar díolta; níl ach Shakespeare agus an Bíobla a dhíol níos mó. Tá a cuid leabhar foilsithe i thart ar 103 teangacha sa bhliain 2007, níos mó ná aon údar eile. Is é And Then There Were None a húrscéal is cáiliúla, agus níos mó ná 100 milliún cóip díolta.

Is é The Mousetrap, dráma a scríobh Christie, an dráma is faide ar siúl— níor stadadh dá léiriú ó thosaigh sé ar an 25 Samhain 1952.

Tá mórán scannán ann bunaithe ar obair Christie, mar shampla Murder on the Orient Express, Death on the Nile, agus 4.50 from Paddington, agus tá cuid mhaith díobh curtha in oiriúint don teilifís, raidió, cluichí ríomhaire agus greannáin.

Saol

1926: Cealú agus filleadh
1926: Cealú agus filleadh
Agatha Christie, an Acrapoil, an Ghréig, 1958
Agatha Christie, an Acrapoil, an Ghréig, 1958
The American Magazine, Márta 1933
The American Magazine, Márta 1933
3 images

Rugadh Agatha Mary Clarissa Miller i Torquay, nDevon. Bhí a máthair, Clarissa Margaret Boehmer, mar iníon le Captaein san arm.

Ba Agatha an duine is óige de thriúr. Bhí dhá phaiste eile ag na Miller's: Margaret Frary Miller (1879–1950) nó "Madge", agus Louis Montant Miller (1880–1929), nó "Monty".

Mar pháiste chuaigh sí chun cónaí lena haintín. Dúirt Agatha go raibh óige sona aici. Cé nár fhreastail Agatha ar scoil, bhí oideachas aici. Chreid a mháthair nár chóir páistí foghlaim chun léamh go dtí aois a hocht, ach mhúin Agatha í féin chun léamh ag aois a ceithre bliana.

Mhúin a hathair mata dí, agus d'imir siad cluichí a raibh ar nós Trivial Pursuit a bhfuil againn anois. Bhí ceachtanna pianó aici, a thaitin léi, agus ranganna damhsa, nár thaitin léi. Nuair nach raibh sí ábalta Fraincis a foghlaim trí oideachas foirmiúil, fuair sí buime nach raibh ábalta ach Francis a labhairt.

I rith an Céad Chogadh Domhanda, d'oibrigh Agatha mar bhanaltra sa VAD (Voluntary Aid Detachment). Mar chuid den obair, d'oibrigh sí i gcógaslann ospidéil.

Ar Oíche Nollag 1914, phós Agatha Archibald Christie, píolótach san Cór Eitilte Ríoga. Bhí iníon amháin acu, Rosalind Margaret Clarissa Hicks (née Christie; 5 Lúnasa 1919–28 Deireadh Fómhair 2004).

Foilsíodh a céad úrscéal, The Mysterious Affair at Styles, sa bhliain 1920. Nuair a fuair Archie phost ag eagrú turas domhanda ag cur chun cinn ar an Taispeántas Impireacht na Breataine, d'fhág an lánúin a iníon le máthair agus deirfiúr Agatha agus thaistil siad chuig an Afraic Theas, An Astráil, An Nua-Shéalainn agus Haváí. D'fhoghlaim siad conas tonnmharcaíocht a dhéanamh ag seasamh suas i Waikiki agus bhí siad mar chinn de na chéad mBriotanach chun é a dhéanamh.

Scannal

I 1926 dúirt Archie le Agatha go raibh sé i ngrá le bean eile, Nancy Neele, agus bhí fonn air colscaradh a fháil ó Agatha. Ar an 8 Nollaig 1926 bhí troid ag an lánúin, agus d'fhág Archie an bhaile, Styles i Sunningdale, Berkshire, chun an deireadh seachtaine a chaitheamh lena mháistreás i Godalming, Surrey. An oíche cheanna d'fhág Agatha dhá litir, ceann don rúnaí, ag rá go raibh sí ag dul go Yorkshire, agus ceann eile do Archie.

Ar an 19 Nollaig 1926 fuarthas Christie ina steillbheatha san Óstán Swan Hydropathic i Harrogate, Yorkshire. Bhí sé cláraithe faoin ainm 'Mrs. Teresa Neele' (an sloinne ceanna le máistreás Archie), ó Cape Town. Níor mhínigh Christie níos déanaí an scéal. Cé go ndúirt dhá dochtúir go raibh "psychogenic fugue" aici, níl a fhios againn i ndáiríre céard a tharla.

Scríobh an t-údar Jared Cade leabhar iomlán faoin eachra seo, Agatha Christie And The Eleven Missing Days.

Fuair Archie agus Agatha colscaradh sa bhliain 1928, tar éis 14 bliain le chéile. I rith an am sin d'fhoilsigh Agatha 6 úrscéal, bailiúchán de gearrscéal agus roinnt scéalta i irisí.

I 1930, phós Christie an seandálaí Max Mallowan tar éis dul leis ar thuras seandálaíochta.

Sa bhliain 1971, bhronn an Bhanríon Eilís II "dáma" ar Christie i bPálás Buckingham.

Saothar

Seomra Christie san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, an Tuirc.
Seomra Christie san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, an Tuirc.

Sholáthraigh Agatha Christie agus scríbhneoirí eile sa Bhreatain sárshamplaí den ‘cosy crime’, a scríobh Anna Heussaff: plotaí casta fíorchliste á n-ionramháil i sráidbhailte áille agus i dtithe ársa, ach carachtair maide mar amhrastaigh iontu.

D'fhoilsigh Agatha Christie dhá dhírbheathaisnéis: ceann iarbháis bunaithe ar a saol ón óige go dtína sean-aois, agus ceann bunaithe ar na tréimhsí a chaith sí sa tSiria agus san Iaráic lena dara fear céile, Max Mallowan. Foilsíodh an dara ceann sa bhliain 1946 leis an ainm Come, Tell Me How You Live.

Sa bhliain 2005, thángthas ar ghearrscéal darbh ainm The Incident of the Dog's Ball in áiléar iníon an údair. Is air a bunaíodh an t-úrscéal Dumb Witness. Foilsíodh é sa Ríocht Aontaithe i mí Meán Fómhair 2009 sa leabhar Agatha Christie's Secret Notebooks: Fifty Years of Mysteries in the Making, le John Curran, chomh maith le gearrscéal nua faoi Poirot, The Capture Of Cerberus.

Scéalta

D'úsáid Christie áiteanna a raibh eolach di ina cuid oibre. Chabhraigh a cuid taistil le Max léi dá bharr. Mar shampla:

  • bhí leabhair eile bunaithe i Torquay, an áit inar rugadh í (m.sh. And Then There Were None).
  • Scríobh sí Murder on the Orient Express sa bhliain 1934 san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, sa Tuirc. Tá an seomra inar fhán sí fós ann mar shéadchomhartha di.

Tionchar cultúrtha

I dtaca le leabhar Bhiddy Jenkinson An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire, dúradh faoin bpríomhcharachtar "gurb é atá sa Duinníneach nua seo ná Hercule Poirot gléasta mar Father Brown (nó vice versa?)."

Agatha as Gaeilge

  • Ná Tabhair Fianaise Bréige, le Pádraig Ó Siochrú: Aistriúchán ar The Truth, The Whole Truth le Agatha Christie.
  • An t-Oileán Doilfe, le Aodh Mac Dhubháin et al.: Aistriúchán ar úrscéal áirithe de chuid Christie a fhoilsíodh freisin faoin teideal "And Then There Were None".

Read next

In 147 languages

gaAfrikaansአማርኛaragonésالعربيةمصرىঅসমীয়াasturianuAymar aruazərbaycancaتۆرکجهбашҡортсаžemaitėškaBikol Centralбеларуская (тарашкевіца)беларускаябългарскиभोजपुरीবাংলাbrezhonegbosanskicatalà閩東語 / Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄کوردیčeštinaчӑвашлаCymraegdanskDeutschZazakiKadazandusunΕλληνικάemiliàn e rumagnòlEnglishEsperantoespañoleestieuskaraestremeñuفارسیsuomifrançaisarpetanNordfriiskFryskgalegoગુજરાતીHausaעבריתहिन्दीFiji HindihrvatskiKreyòl ayisyenmagyarհայերենԱրեւմտահայերէնinterlinguaBahasa IndonesiaInterlingueIgboIdoíslenskaitaliano日本語JawaქართულიQaraqalpaqshaTaqbaylitKabɩyɛқазақшаಕನ್ನಡ한국어kurdîkernowekLatinaLëtzebuergeschлезгиLadinlietuviųlatviešuMadhurâMalagasyMinangkabauмакедонскиമലയാളംмонголमराठीкырык марыBahasa MelayuMaltiNāhuatlनेपालीनेपाल भाषाNederlandsnorsk nynorsknorskoccitanਪੰਜਾਬੀKapampanganpolskiPiemontèisNawatپښتوportuguêsRuna Simiromânăarmãneashtiрусскийрусиньскыйсаха тылаsardusicilianuScotsdavvisámegiellasrpskohrvatski / српскохрватскиTaclḥitසිංහලSimple Englishslovenčinaslovenščinaanarâškielâshqipсрпски / srpskiSeeltersksvenskaKiswahiliślůnskiதமிழ்తెలుగుтоҷикӣไทยTagalogTürkçeтатарча / tatarçaукраїнськаاردوoʻzbekcha / ўзбекчаvènetoTiếng ViệtVolapükWinaray吴语მარგალურიYorùbá閩南語 / Bân-lâm-gí粵語中文

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article