Ginearál in Arm na Breataine ba ea Sir Frank Kitson GBE, CBE, KCB, MC & Bar, DL (15 Nollaig 1926 – 2 Eanáir 2024). Is é an Ginearál Kitson an duine is mó a luaitear le straitéis mhíleata fhorneartach Arm na Breataine i mblianta tosaigh na coimhlinte i dTuaisceart Éireann. Maíodh go minic go ndeachaigh saighdiúirí Kitson i bpáirt le dílseoirí.
Gairm



Oifigeach Sasanach ba ea Kitson, a bhí ag cur faoi chois ceannaircí sna coilíneachtaí i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, cosúil le hÉirí Amach Mau Mau sa Chéinia agus an Éigeandáil Mhalaech i Leithinis Mhalae - an Mhalaeisia, inniu. Saineolaí ab ea Kitson ar chúrsaí frithcheannairce – nó sceimhlitheoireacht stáit – ceird a chleacht sé i dtosach sa Mhalae, sa Chéinia, in Óman, in Áidin agus sa Chipir, agus bhronn Arm na Breataine dhá bhonn gaisce air as ucht a raibh déanta aige sna háiteanna sin. Is é Kitson a chum an polasaí cochaill a chur anuas ar chloigne daoine agus iad á gceistiú, agus is sa Chéinia a bhain sé feidhm i dtosach as an bpolasaí sin sular chuir sé barr feabhais air sa Tuaisceart.
Scríobh Kitson lámhleabhar na frithcheannairce – go liteartha agus agus go meafarach – leabhar a foilsíodh sa bhliain 1971. Comhairlíonn sé sa leabhar buíonta sceimhlitheoirí stáit a bhunú, bolscaireacht a chraobhscaoileadh agus leas a bhaint as cleasa síceolaíochta leis an mbonn a bhaint de cheannaircigh dhúchasacha. Níos déanaí, chuaigh smaointí Kitson i bhfeidhm ar an dara heagrán den Leabhar Uaine de chuid an IRA.
Tuaisceart Éireann
In 1970, d'éirigh le saighdiúirí Kitson seilbh a ghabháil ar cheantair i mBéal Feirste a bhí faoi smacht an IRA Oifigiúil agus an IRA Shealadaigh agus tugadh moladh céadach dó dá bhíthin sin.
Bhí Kitson, mar bhriogáidire, i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh deichniúr i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste i gcaitheamh trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.
Bhí Kitson i gceannas ar an gcathlán paratrúipéirí a lámhach agus a mharaigh ceithre dhuine dhéag i gcathair Dhoire ar an 30 Eanáir 1972, Domhnach na Fola.
Bronnadh gradam CBE ar Kitson ar 15 Feabhra 1972, coicís i ndiaidh Dhomhnach na Fola.
Bronnadh ridireacht ar Kitson i 1980.
Mar le Domhnach na Fola, thug an Ginearál Mike Jackson le fios in 2007 go ndúirt Kitson gur chóra don Choirnéal Derek Wilford – an t-oifigeach a bhí i gceannas na saighdiúirí an lá sin – gur chóra dó "an obair a chríochnú".
In 2015, chuir teaghlach Patrick Eugene Heenan, fear Caitliceach ar mharaigh an UDA é in 1973, chuir siad an dlí ar Kitson agus ar Arm na Breataine go ginearálta as a mharú.
Níos déanaí
Ceapadh Kitson mar ardcheannasaí-Ginearál ar Arm na Breataine ar 1 Iúil 1982.
Bhásaigh Kitson ar 2 Eanáir 2024 in aois a sheacht mbliana déag agus ceithre scór.
Féach freisin
- An Leabhar Uaine de chuid an IRA
- Sléacht Bhaile Uí Mhurchú (1971)
- Domhnach na Fola (1972)
- Domhain-cheastóireacht
