Is banna rac-cheoil iad Counting Crows as Limistéar Bhá San Francisco, California i Meiriceá. Bunaíodh an banna i 1991 agus is iad Adam Duritz (amhránaí), David Bryson (giotáraí), Jim Bogios (drumadóir), Charlie Gillingham (méarchláraí), David Immerglück (ionstraimí), Millard Powers (dordghiotáraí) agus Dan Vickrey (giotáraí) baill an ghrúpa.
Tháinig an-tóir ar Counting Crows i 1993 nuair a eisíodh a gcéad albam, August and Everything After. Glacadh go maith lena gcéad singil (Mr. Jones) agus dhíol an chéad albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Shroich an t-albam iarshaothar Recovering the Satellites uimhir a haon sna cairteacha Billboard 200 sna Stáit Aontaithe agus shroich sé uimhir a haon i roinnt tíortha eile fosta. Chomh maith leis sin, d’éirigh go maith leo lena n-albam eile fosta.
I measc a gcuid amhráin cáiliúla tá Colorblind, Round Here, Rain King, A Long December, Mr. Jones agus leagan clúdaigh de Big Yellow Taxi le Joni Mitchell. Fuair an banna dhá ainmniúchán ag na Gradaim Grammy i 1994. Sa bhliain 2004, fuair Counting Crows ainmniúchán Gradam Acadaimh don singil Accidentally in Love, a bhí sa scannán Shrek 2. Tá níos mó ná 20 milliún albam díolta ag an banna ar fud an domhain agus tá cáil orthu as a léirithe beo dinimiciúla.
Ainm an bhanna
Tagann ainm an bhanna ó rann do pháistí faoi comhaireamh snaganna breaca, ar a dtugtar One for Sorrow.
Tionchair cheoil

Tá cáil ar an bhanna as léirithe beo fuinniúla. I measc tionchair an bhanna tá Bob Dylan, Van Morrison agus REM.
Stair


1990idí
1991–1992: Na luathbhlianta
Bhunaigh Adam Duritz agus David Bryson Counting Crows i San Francisco i 1991. Thosaigh siad mar dísreach acústach, ag seinm gigeanna i Berkeley agus San Francisco agus timpeall air. Tháinig na baill eile isteach sa chéad chúpla bliain eile David Immerglück (giotáraí), Matt Malley (dordghiotáraí), Charlie Gillingham ar na méarchláir agus Steve Bowman ar na drumaí.
Nuair a chuala Gary Gersh ó Geffen Records taifeadadh samplach an bhanna, bhí sé an-tógtha. Tosaíodh coimhlint tairisceana idir naoi lipéad ceoil éagsúla i mí Feabhra 1992. Shínigh siad conradh leis an chomhlacht ceirníní i mí Aibreáin 1992.
1993–1994: August and Everything After agus rath tosaigh
Eisíodh céad albam an bhanna, August and Everything After, i mí Mheán Fómhair 1993. Tagraíonn an chéad singil ar an albam, Mr. Jones, do Marty Jones (cara óige Duritz). Déanann an t-amhrán cur síos ar mhian na gceoltóirí a bhíonn ag iarraidh a bheith rathúil agus na h-aislingí a chuireann siad in iúl faoin chlú a d’fhéadfadh a bheith acu. D'éirigh go an-mhaith le Mr. Jones agus leis an t-amhrán seo rinneadh réaltaí acu.
In 2018, rinne an Chicago Sun-Times cur síos ar August agus Everything After mar seo a leanas: "D’éirigh seacht n-uaire platanam leis an chéad albam sin sna Stáit Aontaithe amháin, ag an am ar an cheirnín is mó díol ó Nirvana le Nevermind".
Dhíol an t-albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Fuair an banna dhá ainmniúchán Grammy i 1994; ceann don Léiriú Roc is Fearr le Grúpa (do Round Here) agus ceann don Cheoltóir Nua is Fearr.
Ní raibh sé éasca an rath a bhí ag Duritz agus bhí cliseadh néarógach aige, nach raibh an chéad cheann aige.
1995-1998: An dara albam
Níor imir an banna ach dhá gig i 1995. Thug sé seo deis do Duritz sraith amhrán a scríobh a tháinig chun bheith mar dhara albam an bhanna, Recovering the Satellites. Eisíodh é i mí Dheireadh Fómhair 1996. Bhí an singil A Long December ar an albam seo, a bhí ina ráchairt uimhir a haon i gCeanada agus an deich singil ar bharr sna Stáit Aontaithe. Eisíodh albam beo i 1997.
1999–2001: This Desert Life agus camchuartaíocht
Sa bhliain 1999, sheinn Counting Crows ag Woodstock 99. Níos déanaí an bhliain sin, d'eisigh an banna a dtríú albam stiúideo This Desert Life. I measc na n-amhrán ar an albam a bhí Colorblind, a bhí le cloisteáil fosta sa scannán Cruel Intentions. Chuaigh an banna ar camchuairt go forleathan timpeall an ama seo.
2000idí
2002-2003: Dhá albam eile
I mí Iúil 2002, d'eisigh an banna a gceathrú albam stiúideo, ar a dtugtar Hard Candy. Bhí clúdach amhrán Joni Mitchell Big Yellow Taxi ar an albam. D'eisigh an banna albam ráchairt is mó, ar a dtugtar Films About Ghosts i mí na Samhna 2003.
2004-2006: Oscars agus New Amstardam
Sa bhliain 2004, bhí amhrán an bhanna Accidentally in Love le cloisteáil ar fhuaimrian an scannáin beoite Shrek 2. Ag an 77ú Duaiseanna an Acadaimh, ainmníodh an t-amhrán don Amhrán Bunaidh is Fearr. I mí an Mheithimh 2006, d'eisigh Counting Crows albam beo dar teideal New Amsterdam: Live at Heineken Music Hall.
Le tamall anuas
Le blianta beaga anuas lean an banna ar camchuairt go leor. Eisíodh albaim nua in 2012 (Underwater Sunshine) agus in 2014 (Somewhere Under Wonderland). I mí Eanáir 2019, d’eisigh an banna leagan nua de August and Everything After a rinneadh leis an London Symphony Orchestra ag Air Studios.
Baill an bhanna

Baill reatha
- Adam Duritz – príomhamhránaí, méarchlár, orgán béil (1991–faoi láthair)
- David Bryson – giotár rithime (1994–1994), fonnadóireacht taca (1991–faoi láthair), príomhghiotáraí (1991–1994)
- Charlie Gillingham – méarchlár, fonnadóireacht taca (1991–faoi láthair), bosca ceoil, clairinéad (1996–faoi láthair)
- Dan Vickrey – príomhghiotáraí, fonnadóireacht taca (1994–faoi láthair), bainseó (2002–faoi láthair)
- David Immerglück – giotáir (dordghiotár, giotár cruach troitheánach agus maindilín), fonnadóireacht taca (1999–faoi láthair, ceoltóir seisiúin 1993–1999), bainseó (2011–faoi láthair)
- Jim Bogios – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (2002–faoi láthair)
- Millard Powers – giotáir (dordghiotár agus giotár rithime), fonnadóireacht taca (2005–faoi láthair)
Iarbhaill
- Steve Bowman – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (1991–1994)
- Matt Malley – giotáir (dordghiotár agus giotár rithime), fonnadóireacht taca (1991–2005)
- Ben Mize – drumaí, cnaguirlisí, fonnadóireacht taca (1994–2002)
Dioscliosta

- Albaim
- August and Everything After (1993)
- Recovering the Satellites (1996)
- This Desert Life (1999)
- Hard Candy (2002)
- Saturday Nights & Sunday Mornings (2008)
- Underwater Sunshine (or What We Did on Our Summer Vacation) (2012)
- Somewhere Under Wonderland (2014)
