factograf
GA

Druma

Druma
All data from the card 2
Cineál
struck membranophone (en) agus uirlis cheoil
Aicmiú Hornbostel-Sachs
21
An druma mór
An druma mór

Cnaguirlis ceoil ina bhfuil scannán craicinn nó plaisteach (ábhair eile go hannamh) rite ar athshonadóir cuasach nó fráma adhmaid nó miotail. Seinntear é tríd an scannán a bhualadh le bata nó lámh, agus rangaítear drumaí de réir a gcuma (mar shampla, cónach, sorcóireach, cruth orláiste, tiompán) agus líon na scannán (mar shampla, scannán aonair, dé-scannán). Is féidir an tiompán a thiúnadh chuig airde ar leith, tréith annamh i measc na ndrumaí.

Tá drumaí in úsáid ón aois Neoiliteach, agus faightear iad ar fud an Domhain. Úsáidtear iad chun cumarsáid a dhéanamh thar achar fada agus i searmanais shibhialta is reiligiúnda. Bhí ionad lárnach naofa ag drumaí i sochaithe in allód.

Tagairtí

Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Read next

In 136 languages

gaAfrikaansAlemannischaragonésÆngliscالعربيةمصرىasturianuAtikamekwazərbaycancaتۆرکجهбашҡортсаBoarischžemaitėškaбеларуская (тарашкевіца)беларускаябългарскиবাংলাབོད་ཡིགbrezhonegbosanskiбуряадcatalàTsetsêhestâheseکوردیqırımtatarcačeštinaчӑвашлаCymraegdanskDeutschΕλληνικάEnglishEsperantoespañoleestieuskaraفارسیsuomiNa Vosa VakavitifrançaisFryskgalegoAvañe'ẽwayuunaikiHausa客家語 / Hak-kâ-ngîעבריתहिन्दीFiji HindihrvatskiKreyòl ayisyenmagyarհայերենBahasa IndonesiaIlokanoIdoíslenskaitalianoᐃᓄᒃᑎᑐᑦ / inuktitut日本語Jawaқазақшаភាសាខ្មែរ한국어комиkernowekкыргызчаLatinaлезгиLimburgslombardlingálalietuviųlatviešuMadhurâMalagasyмакедонскиമലയാളംмонголmooreमराठीBahasa Melayuမြန်မာဘာသာNāhuatlPlattdüütschनेपाल भाषाNederlandsnorsk nynorsknorskoccitanиронਪੰਜਾਬੀPapiamentupolskiPiemontèisپنجابیportuguêsRuna Simiromânăрусскийрусиньскыйсаха тылаsicilianuسنڌيsrpskohrvatski / српскохрватскиSimple EnglishslovenčinaslovenščinachiShonaSoomaaligashqipсрпски / srpskiSundasvenskaKiswahiliதமிழ்తెలుగుтоҷикӣไทยTagalogtoki ponaTürkçeукраїнськаاردوoʻzbekcha / ўзбекчаTiếng ViệtwalonWinaray吴语ייִדישⵜⴰⵎⴰⵣⵉⵖⵜ ⵜⴰⵏⴰⵡⴰⵢⵜ閩南語 / Bân-lâm-gí粵語中文isiZulu

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article