factograf
GA

44ú hUachtarán na Stát Aontaithe

Barack Obama

Barack Obama

Key facts

dáta breithe4 Lúnasa 1961
airde187cm
gairmpolaiteoir, dlíodóir, scríbhneoir polaitiúil
céileMichelle Obama
post nó oifigUachtarán na Stát Aontaithe
ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach
gradam a fuarthasDuais Nobel na Síochána
saothar suntasachA Promised Land
mais80 kg
cur síos ag an bhfoinseLentapedia
All data from the card 27
Breith
(en) Barack Hussein Obama II 4 Lúnasa 1961 65 bliana d'aoisKapiolani Medical Center for Women and Children, Hawaii (en)
Grúpa eitneach
Meiriceánaigh Afracacha
Idé-eolaíocht pholaitíochta
Feimineachas agus rialú gunnaí
Reiligiún
An Protastúnachas, An Eaglais Chomhthionólach, Polaití Comhthionólaí agus United Church of Christ (en)
Céim acadúil
Baitsiléir Ealaíondochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Áit chónaithe
Kalorama (en) an Teach BánTebetMentengHonolúlúLos AngelesChicagoNua-EabhracIacárta
Teanga dhúchais
Béarla
Meáchan
80 kg agus 180 lb
Airde
187 cm
Lámhcheannas
Ciotógacht
Dath súile
Donn
Réimse oibre
Cearta sibhialta agus dlí bunreachtúil
Suíomh oibre
Washington, D.C. Chicago
Gairm
scríbhneoir polaitiúil (1995–), dlíodóir (1991–), eagarthóir phobail (1985–1988), polaiteoir, podchraoltóir, saineolaí dlí, státaire, acadóir, údar cuimhní cinn
Fostóir
Sidley Austin (1991–1991)New York Public Interest Research Group (en) (1985–1985)Business International Corporation (en) , assistant manager (en) (1983–1984)Gamaliel Foundation (en) Ollscoil Chicago
Ball de pháirtí polaitíochta
an Páirtí Daonlathach
Ball de
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá 110ú Comhdháil na Stát Aontaithe 109ú Comhdháil na Stát Aontaithe Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta Congressional Black Caucus (en)
Faoi thionchar
Nipsey Russell, Reinhold Niebuhr agus Saul Alinsky
Teangacha
Béarla agus an Indinéisis
Suíomh a chartlainne
Leabharlann Lámhscríbhinní, Cartlainne, agus Leabhar Uathúil Stuart A. Rose
Teaghlach
Family of Barack Obama (en)
Céile
Michelle Obama (1992–)
Páiste
Natasha Obama, Malia Obama
Athair
Barack Obama Sr. agus Ann Dunham
Siblín
Auma Obama, Maya Soetoro-Ng, Bernard Obama, George Obama, Mark Okoth Obama Ndesandjo, David Ndesandjo, Abo Obama agus Malik Abongo Obama
Duine muinteartha
Stanley Armour Dunham (seanathair ar thaobh na máthar)Madelyn Dunham (máthair mháthar)Hussein Onyango Obama (en) (seanathair athartha)Habiba Akumu Obama (en) (seanmháthair athartha)
Suíomh gréasáin
barackobama.com
Teastas breithe
Teastas breithe

Ba é Barack Hussein Obama II (a rugadh ar 4 Lúnasa, 1961) 44ú hUachtarán na Stát Aontaithe.

Tháinig Obama i gcomharbacht ar George W. Bush sa bhliain 2009. Is é Obama an t-aon duine gorm a toghadh mar Uachtarán agus ba é an t-aon seanadóir gorm sa Seanad sa téarma faoi dheireadh agus an cúigiú Seanadóir gorm i stair Mheiriceá.

Ar an 9 Deireadh Fómhair 2009, bronnadh Duais Nobel na Síochána air.

Óige

Obama agus a chomhairleoir Raja Krishnamoorthi sa bhliain 2002
Obama agus a chomhairleoir Raja Krishnamoorthi sa bhliain 2002
1998 i Chicago
1998 i Chicago
2 images

Saolaíodh Barack Obama sa bhliain 1961 in Honolulu, Haváí (agus é ar an chéad uachtarán a tháinig chun saoil ar an oileán siúd).

Eacnamaí ón Chéinia ó dhúchas i bhí ina athair Barack Obama sinsear agus antraipeolaí Mheiriceánach a bhí ina mháthair Stanley Ann Dunham. Chuir an bheirt aithne ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar na Rúisise ag Ollscoil Haváí thiar sa bhliain 1960.

Phós siad in Maui ar an 2 Feabhra 1961 ach níorbh fhada gur bhog a mháthair soir go Meiriceá chun freastal ar Ollscoil Washington in Seattle ar feadh bliain amháin, agus a mac óg in éineacht léi. Agus céim san eacnamaíocht bainte amach ag Barack sinsear in Haváí, bronnadh scoláireacht air chun cur lena chuid oideachais in Ollscoil Harvard. Fuair na tuismitheoirí colscaradh sa bhliain 1964.

D'fhill Barack sinsear ar a thír dhúchais sa bhliain chéanna, áit inar phós sé in athuair. Níor thug sé riamh ach aon chuairt amháin ar a mhac agus é ag éirí aníos ar Haváí. Fuair sé bás tobann i dtimpiste bhóthair sa bhliain 1984.

Beartais

Springfield, Illinois, in éineacht le Michelle agus a chlann
Springfield, Illinois, in éineacht le Michelle agus a chlann

Theastaigh Obama sa bhliain 2008 deireadh leis an gcogadh san Iaráic, laghdú i dtionchar corparáideach, nascanna níos fearr le níos mó rialtais eachtrannacha, clár gníomhaíochta comhshaoil níos fearr, seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polaitiúil an náisiúin uaidh.

Is mór an bhéim a chuir Obama ag an am sin ar "athrú" agus "dóchas". Dúirt sé i 2008 go mbeadh sé in ann an scoilt idir stáit dhearga (Choimeádacha) agus ghorma (Liobrálacha) a réiteach.

Bhí an Géarchéim airgeadais 2007-2008 faoi lánseol nuair a toghadh Barack Obama don chéad uair mar uachtarán. Nuair a tháinig an rialtas nua ag tús na bliana 2009, cuireadh pacáiste ollmhór i bhfeidhm láithreach leis an ngeilleagar a spreagadh. Is mór idir é seo agus na polasaithe fioscacha san Eoraip ag an am, beartais déine.  

Tugadh isteadh reachtaíocht tábhachtach sa bhliain 2010, an Affordable Care Act nó 'Obamacare'.

Toghcháin

Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008
Obama ag obair ar a chéad fheachtas, i New Hampshire, 2008
Físeán: Obráid 'Iraqi Freedom', 2010
Físeán: Obráid 'Iraqi Freedom', 2010
2 images

Feachtas sa toghchán uachtaránachta

Dúirt Obama go mbeadh sé ina iarrthóir don Uachtaránacht ar 10 Feabhra 2007. Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus tríú háit. Thug an bua móiminteam dó, ach chaill sé ar 8 Eanáir i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tar éis seo. Roinn siad na vótaí ar 6 Feabhra ach bhuaigh Obama 11 toghchán stáit as a chéile ina dhiaidh sin. Bhí an bua ag Obama faoi 3 Meitheamh.

Ba iad Obama agus John McCain, rogha an Pháirtí Phoblachtaigh, na hiarrthóirí is mó sa toghchán ginearálta. Roghnaigh Obama Joe Biden mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin.

Toghchán 2008

D'fhan Obama chun cinn ar McCain sna pobalbhreitheanna suas go dtí lá an toghcháin agus ní raibh sé i bhfad tar éis dhúnadh na lárionaid vótála go raibh na meáin chumarsáíde ag fógairt bua Obama.

Toghchán 2012

D'fhógair Obama go raibh sé ag seasamh don dara téarma mar uachtarán ar 4 Aibreán 2011. Níor sheas aon duine eile sa Pháirtí Daonlathach ina choinne, beagnach. Fuair sé an t-ainmniúchán féin ag cruinniú náisiúnta na nDaonlathach in Charlotte, Carolina Thuaidh, in éineacht le Joe Biden mar leasuachtarán. Bill Clinton, iaruachtarán, a d'ainmnigh iad beirt go hoifigiúil. Ar an 6 Samhain 2012 fuair Obama an bua ar Mitt Romney sa toghchán náisiúnta. Thosaigh an dara théarma ar an 20 Eanáir 2013.

Saol pearsanta

An leabhar, Dream from my Father
An leabhar, Dream from my Father

Phós Obama sa bhliain 1992 agus tá beirt iníon aige.

Tá leabhair mór-ráchairte scríofa ag Obama, Dreams from my Father, faoina óige, agus The Audacity of Hope, faoina smaointí féin maidir leis an bpolaitíocht sna Stáit Aontaithe.

Sa bhliain 2020, foilsíodh an dírbheathaisnéis, A Promised Land.

Naisc sheachtracha

  • President Barack Obama Curtha i gcartlann 2009-01-22 ar an Wayback Machine Suíomh oifigiúil an Tí Bháin
  • An suíomh gréasáin dá fheachtas uachtaránachta

Read next

In 255 languages

gaаԥсшәаAcèhAfrikaansAlemannischአማርኛaragonésÆngliscالعربيةܐܪܡܝܐالدارجةمصرىঅসমীয়াasturianuаварअवधीAymar aruazərbaycancaتۆرکجهбашҡортсаBasa BaliBoarischžemaitėškaBatak TobaBikol Centralбеларуская (тарашкевіца)беларускаяBetawiбългарскиभोजपुरीBislamaBanjarbamanankanবাংলাབོད་ཡིགbrezhonegbosanskiбуряадcatalàChavacano de Zamboanga閩東語 / Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄нохчийнCebuanoᏣᎳᎩTsetsêhestâheseکوردیcorsuqırımtatarcačeštinaсловѣньскъ / ⰔⰎⰑⰂⰡⰐⰠⰔⰍⰟчӑвашлаCymraegdanskdagbanliDeutschDagaareThuɔŋjäŋZazakidolnoserbskiडोटेलीދިވެހިބަސްΕλληνικάemiliàn e rumagnòlEnglishEsperantoespañoleestieuskaraestremeñuفارسیFulfuldesuomiføroysktfɔ̀ngbèfrançaisarpetanNordfriiskfurlanFrysk贛語GàidhliggalegoAvañe'ẽगोंयची कोंकणी / Gõychi Konknni𐌲𐌿𐍄𐌹𐍃𐌺ગુજરાતીgungbeGaelgHausa客家語 / Hak-kâ-ngîHawaiʻiעבריתहिन्दीFiji HindihrvatskihornjoserbsceKreyòl ayisyenmagyarհայերենԱրեւմտահայերէնinterlinguaBahasa IndonesiaInterlingueIgboIñupiatunIlokanoIdoíslenskaitalianoᐃᓄᒃᑎᑐᑦ / inuktitut日本語la .lojban.JawaქართულიQaraqalpaqshaTaqbaylitKarai-karaiKabɩyɛGĩkũyũқазақшаភាសាខ្មែរಕನ್ನಡ한국어къарачай-малкъарکٲشُرRipoarischkurdîkernowekкыргызчаLatinaLadinoLëtzebuergeschLingua Franca NovaLimburgsLigurelombardlingálaລາວlietuviųlatgaļulatviešuMadhurâमैथिलीBasa BanyumasanMalagasyолык марийMāoriмакедонскиമലയാളംмонголमराठीBahasa MelayuMaltiမြန်မာဘာသာэрзяньمازِرونیNapulitanoNedersaksiesPlattdüütschनेपालीनेपाल भाषाLi NihaNederlandsnorsk nynorsknorskߒߞߏNouormandSesotho sa LeboaDiné bizaadChi-Chewaoccitanଓଡ଼ିଆиронਪੰਜਾਬੀPangasinanKapampanganPapiamentuDeitschpolskiPiemontèisپنجابیپښتوportuguêsRuna Simiရခိုင်rumantschromani čhibromânătarandíneрусскийрусиньскыйIkinyarwandaसंस्कृतम्саха тылаᱥᱟᱱᱛᱟᱲᱤsardusicilianuScotsسنڌيdavvisámegiellasrpskohrvatski / српскохрватскиTaclḥitසිංහලSimple EnglishslovenčinaslovenščinaanarâškielâSoomaaligashqipсрпски / srpskiSranantongoSiSwatiSesothoSeelterskSundasvenskaKiswahiliślůnskiதமிழ்తెలుగుtetunтоҷикӣไทยትግሬTürkmençeTagalogtolışitoki ponaTok PisinTürkçeтатарча / tatarçareo tahitiئۇيغۇرچە / Uyghurcheукраїнськаاردوoʻzbekcha / ўзбекчаvènetovepsän kel’Tiếng ViệtWest-VlamsVolapükwalonWinaray吴语isiXhosaმარგალურიייִדישYorùbáVahcuenghZeêuwsⵜⴰⵎⴰⵣⵉⵖⵜ ⵜⴰⵏⴰⵡⴰⵢⵜ閩南語 / Bân-lâm-gí粵語中文isiZulu

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article