Réaltbhuíon bheag is ea an Sciath, ceann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. An realteolaí Polannach Johannes Hevelius a thug isteach an réaltbhuíon seo sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690. Tá an Sciath ar cheann den dá réaltbhuíon a ainmníodh as daoine stairiúla (Folt Bheirnicé an ceann eile).
Sa bhliain 1683 thug Hevelius an t-ainm Laidine Scutum Sobiescianum ar an réaltbhuíon seo i gcuimhne bhua fórsaí Críostaí faoi cheannas Jan III Sobieski, Rí na Polainne, i gCath Vín. Tugtar Scutum uirthi mar ainm Laidine anois, rud a chiallaíonn "sciath".
Réada suntasacha domhainspéire
- M11: dá ngairtear freisin Réaltbhraisle na Lachan Fiáine
- M26:
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690
na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag
