factograf
GA

réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh

An Leon Beag

An Leon Beag

Key facts

achar dromchla232
sampla deréaltbhuíon
cur síos ag an bhfoinseStar lore of all ages
All data from the card 10
Ainm Laidine (IAU)
Leo Minor
Nod
LMi
Ginideach Laidine
Leonis Minoris
Siombalaíocht
an leon is lú
Dronairde
10 h
Diallas
35°
Achar
232 céim cearnach Céim 64ú
Líon na réaltaí(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gile
Praecipua (46 LMi) (méid 3.83)
Réaltbhuíontaar theorainn leista
an Béar Mór an Lincse an Portán an Leon

Is réaltbhuíon an-doiléir é an Leon Beag atá le feiceáil ar éigean mar thriantán beag idir réaltbhuíonta sofheicthe an Bhéir Mhóir agus an Leoin. Murab ionann is an Leon, níor áirigh Tolamaes an Leon Beag i measc na 48 réaltbhuíon a d'aithin sé sa dara haois; is amhlaidh nach raibh an réaltbhuíon seo ann go dtí gur chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 í. Is é Leo Minor, a chiallaíonn an leon is lú, an t-ainm Laidine a thugtar ar an Leon Beag.

Príomhghnéithe

Níl mórán le feiceáil ar an réaltbhuíon seo gan teileascóp mór a bheith agat. Níl ach réalt amháin dá cuid níos gile ná an ceathrú méid:

  • Praecipua (46 LMi): fathachréalta, nó ionann is, atá ar aicme speictreach K0; tá sí amuigh is istigh ar 98 solasbhliain i bhfad i gcéin, agus ar méid 3.83. Níl ainm Bayer ar Praecipua, agus dá bharr sin is é an Leon Beag an t-aon réaltbhuíon amháin nach bhfuil ainm Bayer ar an réalt is gile léi.
  • β LMi: más iontach le rá é, is í an fathachréalta seo, atá ar aicme speictreach G8, an t-aon réalt amháin ar an Leon Beag a bhfuil ainm Bayer uirthi; agus ar méid 4.21, ní hí an réalt is gile ar an Leon Beag.
  • R LMi: comhathraíonn gile an réalta athraithí fadtréimhsí seo (réalta Mira Ceti fhionnuar atá inti) ó 6.3 go 13.2 ar feadh tréimhse 372.19 lá.


Réada suntasacha domhainspéire

Níl aon réad suntasach domhainspéire ar réaltbhuíon an Leoin Bhig. Is é an ceann is gile ná NGC 3003, réaltra ar méid chomhtháite 11.7m agus ar trastomhas uilleach 5.9 nóiméad stua. Feictear beagnach i dtreo na ciumhaise é.

Stair

Ar mbeith ina réaltbhuíon nua-aimseartha dó, ní bhaineann aon stair ná miotaseolaíocht leis an Leon Beag. Mar atá ráite cheana féin, chruthaigh Johannes Hevelius sa bhliain 1687 é.

Féach fosta

  • Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Leon Beag

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Réaltbhuíonta a thug isteach Johannes Hevelius sa téacs Firmamentum Sobiescianum sa bhliain 1690

na Madraí Fiaigh | an Laghairt | an Leon Beag | an Lincse | an Sciath | an Seiseamhán | an Sionnach| Ceirbearas | Sliabh Maenalas | an Triantán Beag


Na 88 réaltbhuíon nua-aimsearthaan Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir

Read next

In 82 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article