Is cathair ar oileán na Sicile san Iodáil í Agrigento. Bhí 56,000 duine ina gcónaí inti sa bhliain 2023.
Ba choilíneacht de chuid na sean-Ghréige é sa 5ú agus sa 6ú haois RCR agus tá iarsmaí seandálaíochta ón ré sin ann fós.
Ainmníodh an baile Sicileach seo mar ‘Phríomhchathair Chultúir 2025’ na hIodáile chun saibhreas seandálaíochta agus stair ailtireachta an bhaile a chur chun cinn. Agus ailtireacht ghalánta ársa, mheánaoiseach, bharócach agus chomhaimseartha ann, chomh maith le hiarsmalann seandálaíochta, tá na húdaráis ag tabhairt oidhreacht spreagúil Agrigento chun solais, d’ainneoin thionchar an Mhaifia Iodálaigh ar an bhaile.
