factograf
GA
Sign in

géineas plandaí

Acaicia

Acaicia

Key facts

sampla detacsón
ainm an tacsóinAcacia
rang an tacsóingéineas
cur síos ag an bhfoinseOttův slovník naučný
All data from the card 2
Is foinse é an tacsón seo de
adhmad acaicia
Cineál tacsanomaíoch
Acacia penninervis

Grúpa crann is tor, dúchasach don Astráil is réigiúin thrópaiceacha eile is ea Acacia (Gaeilge: acaicia). Caol an t-ainm atá orthu san Astráil. Tá siad pischineálach, sa tslí is go dtógann siad nítrigin go díreach ón aer. Bíonn na duilleoga roinnte san iliomad duilleoigíní bídeacha, nó i ngnéithe ar leith, laghdaithe ina ngais duilleoige leacaithe, cosúil le duilleog-lanna. Bíonn na bláthanna buí den chuid is mó, beag líonmhar i gcrobhaingí cruinne nó caitínchruthacha. Saothraítear go leor gnéithe i gcomhair scátha, maisithe nó daingniú na hithreach gainmhí. Bíonn an duilliúr in úsáid mar fhoráiste. Tá go leor freisin a dhéanann adhmad an-chrua trádálach. Úsáidtear an choirt is na cochaill sa tsúdaireacht. Tálann cuid acu guma arabach. Saothraítear an t-acaicia gormdhuilleogach is an t-acaicia airgeadach, crainn bheaga, mar go dtáirgeann siad bláthanna don mhargadh.

Tagairtí

Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Read next

In 92 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article