factograf
GA

Uachtarán na Rúise 1999–2008, 2012–

Vladimir Putin

Vladimir Putin

Key facts

dáta breithe7 Deireadh Fómhair 1952
airde170cm
gairmpolaiteoir
céileLyudmila Putina
fostóirKGB
post nó oifigUachtarán na Rúise
All data from the card 37
Ainm sa teanga dhúchais
(ru) Владимир Владимирович Путин
Breith
7 Deireadh Fómhair 1952 73 bliana d'aoisV.F. Snegiryov Maternity Hospital No.6, An Rúis (en)
Ainm cleite
Платов Platov ߔߑߟߊߕߐߝ߭
Grúpa eitneach
Rúisigh
Idé-eolaíocht pholaitíochta
Maiciaiveillíochas
Reiligiún
Ceartchreidmheach an Oirthir
Céim acadúil
Candidate of Economic Sciences (en)
Áit chónaithe
Baskov Lane 12, Mansion of Louise von Taube (en) Akademika Zelinskogo Street (en) DresdenCathair PheadairCathair PheadairMoscó
Teanga dhúchais
an Rúisis
Meáchan
77 kg
Airde
170 cm
Lámhcheannas
Deasógacht
Réimse oibre
Polaitíocht, intelligence assessment (en) , gnóthaí míleata agus dlí-eolaíocht
Suíomh oibre
Moscó Cathair Pheadair Dresden
Gairm
polaiteoir
Tréimhse oibre
1975 –
Fostóir
Presidential Administration of Russia (en) (1997–1998)Administrative Directorate of the President of the Russian Federation (en) (1996–1997)First Chief Directorate (en) (1985–1990)KGB (1975–1991)
Ball de pháirtí polaitíochta
luach ar iarraidh (2012–)Unity (en) (1999–2001)Our Home – Russia (en) (1995–1999)luach ar iarraidh (1991–1995)Páirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh (1975–1991)
Ball de
Ozero (en) (1996–)All-Russia People's Front (en) Russian Academy of Arts (en)
Gluaiseacht
Náisiúnachas Rúiseach, iridinteachas na Rúise agus Traditional values in Russia (en)
Mac/iníon léinn de chuid
Yury olstoy agus Anatoly Rakhlin
Faoi thionchar
Anatoly Sobchak, Ivan Ilyin, Helmut Kohl, Aleksandr Dugin, Niccolò Machiavelli agus Boris Yeltsin
Teangacha
An Rúisis, an Ghearmáinis agus Béarla
Glanfhiúchas
8,891,777 ₽ (2015)
Brainse míleata
KGB agus Federal Security Service (en)
Céim mhíleata
podpolkovnik (en) coirnéal
I gceannas ar
Fórsaí Armtha na Rúise agus Ard-Cheannasaí na bhFórsaí Armtha de Chónaidhm na Rúise
Coinbhleacht
Dara Cogadh an tSeisnia, Russian military intervention in the Syrian civil war (en) agus Cogadh na Rúise agus na hÚcráine
Spórt
júdó sambo (en)
Teaghlach
Family of Vladimir Putin (en)
Céile
Lyudmila Putina (1983–2014), colscaradh
Páirtí
Alina Kabayeva
Páiste
Maria Vorontsova ( Lyudmila Putina)Katerina Tikhonova ( Lyudmila Putina)
Athair
Vladimir Spiridonovich Putin agus Maria Ivanovna Shelomova
Duine muinteartha
Roman Putin (col cúigir)Igor Putin (col ceathair fireann)Kirill Shamalov (mac cleamhnais)Jorrit Faassen (mac cleamhnais)Daryna Medvedchuk (iníon bhaistí)
Cúiseamh
Díbirt mídhleathach leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis
Suíomh gréasáin
putin.kremlin.ru →
Putin le linn a óige.
Putin le linn a óige.

Is é Vladimir Putin Uachtarán ar Chónaidhm na Rúise ó 7 Bealtaine 2012. Sa bhliain 2023, bhí barántas gabhála eisithe ag an Cúirt Coiriúla Idirnáisiúnta i leith Putin.

Tús a shaoil

Rugadh Putin i Leningrad (Cathair Pheadair anois) ar an 7 Deireadh Fómhair 1952. Bhain sé amach céim dlí in Ollscoil Stáit Leningrad sa bhliain 1975.

Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith Putin na blianta sa DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, 1985-1990).

Ar an 28 Iúil 1998, d'éirigh Putin ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB). D'fhan sé sa phost sin go dtí Lúnasa 1999.

Ceann stáit

Putin in éineacht le Boris Yeltsin, 12 Meitheamh 2001
Putin in éineacht le Boris Yeltsin, 12 Meitheamh 2001
Putin in éineacht le George W. Bush i Moscó, 24 Bealtaine 2002.
Putin in éineacht le George W. Bush i Moscó, 24 Bealtaine 2002.
an fear láidir, 24 Nollaig 2004
an fear láidir, 24 Nollaig 2004
Putin ag iascaireacht i dTúva, Lúnasa 2007
Putin ag iascaireacht i dTúva, Lúnasa 2007
Scigphictiúr: Putin ag tacú Donald Trump
Scigphictiúr: Putin ag tacú Donald Trump
Scigphictiúr: Putin i mbun na na meán cumarsáide
Scigphictiúr: Putin i mbun na na meán cumarsáide
6 images

Ba Phríomh-Aire ar an Rúis i rialtas Boris Eiltsin é ó mhí Lúnasa 1999.

Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis.

D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Putin mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis. Bhuaigh Putin an toghchán sa bhliain 2000.

Uachtarán

Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Putin. Bhí sé cuibheasach óg sa bhliain 2000, go háirithe i gcomparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an Rúisis, tá Béarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Putin.

Má d'fhéach Eiltsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Putin ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtas Cumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis. Agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, mar shampla an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).

Chuir Putin in aghaidh an chogaidh san Iaráic sa bhliain 2003. Tar éis an chogaidh, d'iarr Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George W. Bush, ar na Náisiúin Aontaithe na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráice a chur ar ceal, rud ar thaobhaigh Putin leis, mar gur ghá go ligfí do choimisiún na Náisiúin Aontaithe a chuid oibre ag cuardach arm ollscriosta san Iaráic a chur i gcrích.

Bhain páirtí Putin, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.

An 24 Feabhra 2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Putin a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.

An 14 Márta 2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Putin amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom.

Ní cheadaítear faoi Bhunreacht na Cónaidhme dul don phobal den tríú huair. I ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh Putin móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach tugadh comhairle do Phutin gan a bheannacht a thabhairt don athrú seo ag an am.

Mar sin, ó 2008 go dtí 2012, bhí Putin ina "Chathaoirleach" na Cónaidhme.

2010idí

D'éirigh go maith le Vladimir Putin seilbh a ghlacadh ar an gCrimé in 2014. D’éirigh thar barr le "cleas na bhfear beag glas" chun seilbh tapaidh a ghabháil ar an tír. Níor maraíodh ach beirt – saighdiúir Úcránach amháin agus saighdiúir Rúiseach amháin sa ghabháil agus ní raibh ach aisfhreagra patuar ón iarthar – roinnt smachtbhannaí – ach mar sin féin lean an Eoraip uirthi ag ceannach ola agus gás na Rúise.

Ansin arís d’éirigh le seift Putin airm de ‘scarúnaithe’ a bhunú in oirthear na hÚcráine agus ‘Daonphoblachtaí’ neamhspleácha mar dhea a fhógairt in dhá réigiún in oirthear na hÚcráine idir 2014 agus 2022. Chothaigh na buanna seo ró-mhuinín i bPutin ina bhreithiúnas míleata agus straitéiseach féin.

2020idí

Is léir gur chreid Putin go mbeadh an ‘oibríocht mhíleata speisialta’, nó Ionradh na Rúise ar an Úcráin, in 2022 chomh héasca leis na beartais eile agus go raibh sé ag súil le bua tapaidh agus le haisfhreagra patuar arís ón iarthar. Ach bhí dul amú mór air.

Ar 17 Márta 2023, bhí barántas gabhála eisithe ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta i leith Putin, an chéad uair a eisítear a leithéid le haghaidh ceannaire bhall seasmhach de Chomhairle Slándála na Naisiún Aontaithe.

Bhí ollbhua ag Putin i dToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024. Vótáil 88% den lucht vótála ina fhabhar, creid nó ná creid. A chúigiú téarma oifige a bhí á lorg ag Putin. D'fhág an toradh seo go mbeadh sé ina Uachtarán ar an Rúis go dtí 2030.

Sna 2020idí, chaill an Rúis tionchar agus cumhacht i réigiún eile mar go raibh sí chomh gafa sin ag iarraidh an Úcráin a chur faoina smacht. Theip ar Putin teacht i gcabhair ar comhghuaillithe a bhí faoi ionsaí san Airméin, sa tSiria, i Veiniséala cé go bhfuil iarracht déanta aige cúnamh éigin a thabhairt do réimeas Chúba.

Breithmheas

Deirtear uaireanta go raibh dhá dhream ag obair ar an gCreimlín sna 2000idí:

  • Ceann amháin is ea na 'sílovicí', atá fós ann, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata.
  • Is éard a bhí sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine a bhí ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré.

Ba mhinic a raibh easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí (Khodorkovsky), an mórghróintín artola, a theith an Rúis sa bhliain 2013.

Duine eile a bhí ceangailte leis an gClann ba ea an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov (Kasyanov). Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Putin gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí. Sa bhliain 2022 theith sé agus bhí sé ina chónaí i Riga in 2023.

Léiriú

Iad sin atá claonta le Vladimir Putin, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.

Féach freisin

Naisc sheachtracha

  • Scríbhinn as agallamh ó Shamhain 2002; pléann sé leis an gceist an deachtóir nó daonlathach é Putin Curtha i gcartlann 2004-08-30 ar an Wayback Machine (i mBéarla)

Tagairtí


Roimhe bhí:
Sergei StepashinPríomh-aire na Rúise
8 Lúnasa, 1999—7 Bealtaine, 2000Á Leanúint bhí:
Mikhail KasyanovRoimhe bhí:
Boris YeltsinUachtarán na Rúise
31 Mí na Nollag 1999—7 Bealtaine 2008Á Leanúint bhí:
Dmítrí Meidveideiv


Read next

In 236 languages

gaаԥсшәаAcèhадыгабзэAfrikaansAlemannischалтай тилአማርኛPangcaharagonésÆngliscOboloالعربيةالدارجةمصرىasturianuаварazərbaycancaتۆرکجهбашҡортсаBasa BaliBoarischžemaitėškaBikol Centralбеларуская (тарашкевіца)беларускаяBetawiбългарскиभोजपुरीBanjarবাংলাbrezhonegbosanskiBasa Ugiбуряадcatalà閩東語 / Mìng-dĕ̤ng-ngṳ̄нохчийнCebuanoکوردیcorsuqırımtatarcačeštinakaszëbscziсловѣньскъ / ⰔⰎⰑⰂⰡⰐⰠⰔⰍⰟчӑвашлаCymraegdanskDeutschThuɔŋjäŋdolnoserbskiKadazandusunडोटेलीދިވެހިބަސްΕλληνικάEnglishEsperantoespañoleestieuskaraestremeñuفارسیsuomivõroføroysktfɔ̀ngbèfrançaisNordfriiskfurlanFrysk贛語GàidhliggalegoAvañe'ẽ𐌲𐌿𐍄𐌹𐍃𐌺gungbeGaelgHausa客家語 / Hak-kâ-ngîעבריתहिन्दीFiji HindihrvatskihornjoserbsceKreyòl ayisyenmagyarհայերենԱրեւմտահայերէնinterlinguaJaku IbanBahasa IndonesiaInterlingueIlokanoIdoíslenskamedžuslovjanskyitalianoᐃᓄᒃᑎᑐᑦ / inuktitut日本語JawaქართულიQaraqalpaqshaKabɩyɛTyapKumoringқазақшаភាសាខ្មែរಕನ್ನಡ한국어перем комиکٲشُرkurdîкомиkernowekкыргызчаLatinaLadinoLëtzebuergeschлаккулезгиLingua Franca NovaLugandaLimburgsLadinlombardລາວlietuviųlatviešuMadhurâमगहीमैथिलीмокшеньMalagasyолык марийMinangkabauмакедонскиമലയാളംмонголꯃꯤꯇꯩ ꯂꯣꯟmooreमराठीкырык марыBahasa MelayuMaltiMirandésမြန်မာဘာသာэрзяньمازِرونیNapulitanoNedersaksiesPlattdüütschनेपालीनेपाल भाषाNederlandsnorsk nynorsknorskNovialߒߞߏChi-Chewaoccitanlivvinkarjalaଓଡ଼ିଆиронਪੰਜਾਬੀKapampanganPapiamentupolskiPiemontèisپنجابیپښتوportuguêsRuna Simirumantschromani čhibromânăрусскийрусиньскыйIkinyarwandaसंस्कृतम्саха тылаᱥᱟᱱᱛᱟᱲᱤsardusicilianuScotsسنڌيdavvisámegiellasrpskohrvatski / српскохрватскиTaclḥitတႆးසිංහලSimple EnglishslovenčinaslovenščinachiShonashqipсрпски / srpskisvenskaKiswahiliꠍꠤꠟꠐꠤślůnskiSakizayaதமிழ்TayalతెలుగుтоҷикӣไทยTürkmençeTagalogtolışitoki ponaTürkçeSeediqтатарча / tatarçachiTumbukaтыва дылудмуртئۇيغۇرچە / Uyghurcheукраїнськаاردوoʻzbekcha / ўзбекчаvènetovepsän kel’Tiếng ViệtVolapükwalonWinaray吴语isiXhosaმარგალურიייִדישYorùbáZeêuws閩南語 / Bân-lâm-gí粵語中文isiZulu

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article