factograf
GA

Split

Split

Key facts

daonra160,577
achar dromchla79.4km²
sampla decathair mhór
tíran Chróit
airde os cionn na farraige0m
ceannaire an rialtaisTomislav Šuta
All data from the card 12
Príomhchathair de
Contae Split-Dalmatia
Iomlán
160,577 (2021)
• Dlús
2,022.38 hab./km²
Teanga oifigiúil
an Chróitis
Achar dromchla
79.4 km²
Airde
0 m
Leanann sé/sí
Spalatum (en)
Éarlamh
Saint Domnius
• Méara Split
Tomislav Šuta (2025–)
Cód poist
21000
Glaochód
021
Suíomh gréasáin
split.hr
Seasann pálás i gcroílár na cathrach
Seasann pálás i gcroílár na cathrach

Is í Split an chathair is mó sa Dalmáit, an dara cathair is mó sa Chróit. Suite ar an Muir Aidriad dhrithleach, "tá beocht gheal bhríomhar i bhféitheacha na cathrach seo".

De réir daonáireamh 2011 bhí daonra 178,192 ann. Tá sí mar an dara port is mó sa tír agus an tríú is mó ar an Meánmhuir. Is í lárionad riaracháin Chontae Split-na Dalmáite (Splitsko-dalmatinska županija).

Stair

Creidtear go raibh an grúpa ársa Aspalathos/Spalatos (ón nGréigis) ina chónaí san áit a bhfuil mar lár na cathrach sa lá atá inniu ann. Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise, aspalathos (ασπάλαθος), angiolcach shléibhe a fhásann san áit go réidh.

Sa mheánaois tugadh Spalatum ar an gcathair, agus is é Spalato leagan Iodáilis. Split is ea an t-ainm Cróitis agus i rith an 19ú haois tugadh Spljet uirthi.

Suíomhanna

Is é Pálás Diocletian, nó iar-phálás Dióicléitiánais, a sheasann i gcroílár na cathrach, ollstruchtúr Rómhánach atá athraithe ó bhonn le bheith mar chroí an tsaoil laethúil inniu. Tógadh é sa 4ú haois. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda é (de chuid UNESCO, agus ón mbliain 1979). Is croí an pháláis é an Peristyle, cearnóg mhaorga crioslaithe le colúin Chorantacha.

Cúpla céim thar seanteach Sigmund Freud, síneann promanáid Riva feadh an Aidriadaigh lena pailmeacha coimhthíocha agus a siopaí. Ceantar sóisialta na cathrach é Riva, áit a gcruinníonn daoine áitiúla le chéile gach lá chun a scíth a ligean le caife láidir dubh.

Tá ceanncheathrú Cabhlach na Cróite súite ar an taobh ó dheas den leithinis i bport Lora.

Read next

In 96 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article