
Oifigeach in Arm na Breataine Móire, scríbhneoir agus bunaitheoir Ghluaiseacht na nGasóg, ab ea Robert Stephenson Smyth Baden-Powell (Chéad Bharún Baden-Powell; 22 Feabhra 1857 – 8 Eanáir 1941).
Saol
Rugadh Baden-Powell i Londain Shasana. Oileadh é sa Charterhouse School in Surrey, i Sasana. Bhí sé ar seirbhís san Arm Briotanach ó 1876 go 1910 san India agus san Afraic.
Scríobh Baden-Powell an leabharín, Scouting for Boys, a spreag gluaiseachtaí na ngasóg. Scríobh sé chomh maith sna 1900idí ar chultúr na seanridirí, ag iarraidh é a athbheochan i measc na mbuachaillí. Chreid sé go láidir gur buille é seo ar son na moráltachta. Spreag sé an Piarsach, dúghafa freisin le laochas fireann.
In éineacht lena dheirfiúr, Agnes, bhunaigh Badeɲ-Powell Gluaiseacht domhanda na mBanghasóg chomh maith.
Fuair Baden-Powell bás in Nyeri, sa Chéinia.
Tagairtí
Is síol faoi dhuine Sasanach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
