Is tír ollmhór a shíneann thar theorainn na hEorpa agus na hÁise í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is í Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisis an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.
Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS), agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí. Is é Vladimir Putin uachtarán den tír.
Déimeagrafaic

Teangacha
Labhraítear 100 teanga éagsúla sa Rúis, ach is í Rúisis an t-aon teanga oifigiúil, cé go bhfuil 27 teanga mhionlach atá aitheanta. De réir an daonáirimh den bhliain 2002, bhí 142.6 milliún duine ábalta Rúisis a labhairt de na 143.8 milliún duine ar fad sa Rúis (99.1%). Is í an Tatairis an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí. Is í an Úcráinis an tríú teanga is mó agus 1.8 milliún cainteoirí aici. Tá an Rúisis ar cheann de sé theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe.
Oideachas
Tá córas oideachais saor i gcóir gach duine mar chuid den bhunreacht. Ó 1990, tá córas 11 bhliain i réim. Sa bhliain 2004, chaith rialtas na Rúise 3.6% de GDP na tíre ar an oideachas.
Reiligiún
Níl aon daonáireamh oifigiúil i gcóir reiligiúin, ach tá na figiúirí seo bunaithe ar suirbhéanna. I Lúnasa, ceap ARENA gur Críostaithe iad (Ceartchreidmhaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh araon) iad 46% den daonáireamh. Ceapann Levada go bhfuil 76% den daonra sa Rúis ina gCríostaithe. De réir POF tá 65% ina Chríostaithe agus de réir PRC 73.6%.
Baineann timpeall 95% de pharóistí Ceartcreidmheacha sá Rúis leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach.
Is iad an Chríostaíocht Cheartchreidmheach, Ioslam, Giúdachas agus Búdachas na reiligiúin traidisiúnta sa tír.
Is é Ioslam an dara reiligiún is mó sa Rúis. In iomlán tá 9,400,000 Moslamach sa Rúis (6.5%) i 2012 (níl an figiúr seo ró-chruinn mar ní chlúdaínn sé na Stáit Mhoslamacha traidisiúnta,.i. Chechnya agus Ingushetia. Seo hiad na stáit (a bhí clúdaithe sa suirbhé) le níos mó ná 10% Moslamach: Kabardino-Balkaria (49%), Bashkortostan (38%), KarachayCherkessia (34%), Tatarstan (31%), Yamalia (13%), Orenburg Oblast (11%), Adygea (11%) agus Cúige na hAstracáine (11%). Tá daonra Moslamach idir 1-2% sa chuid is mó de na stáit sa tSibéir.
Cultúr
Litríocht
- Príomhalt: Litríocht na Rúise
Is í litríocht na Rúise litríocht na Rúise féin agus a cuid deoraithe, agus litríocht Rúisise na dtíortha a bhain leis an Rúis nó leis an Aontas Sóivéadach.
Spórt
Reáchtáladh Corn an Domhain Sacair 2018 insan Rúis.
Caidreamh iasachta
Sa bhliain 2009 bhí caidreamh ag an Rúis le 191 tíortha agus bhí ambasáidí i 144 tíortha.
Gailearaí











