
Is é Moscó (Rúisis: Москва́) príomhchathair na Rúise, suite in iarthar na tíre. Bhí daonra thart ar 10 milliún ann sa bhliain 2005. Is lárionad é do chúrsaí polaitiúla, airgeadais, oideachais agus iompair na Rúise.
Tá sé mar áit chónaithe d'uachtarán na Rúise, atá ina chónaí sa Chreimil. Tá clú agus cáil bainte amach ag an Chreimil ós rud é go bhfuil sé suite i gceartlár Mhoscó. Ón Chreimil is féidir an Chearnóg Dhearg (soir), Gairdín Alacsandair (siar) agus Abhainn Moskva (deas) a fheiceáil.
Iompar
Suíomh
Tá Moscó suite i lár an chuid Eorpach den Rúis, idir na habhainn Oca agus Bholga. Is é 1081 km2 achar na cathrach (2006). Tá an chuid is mó (877 km2) suite taobh istigh den chuar-mhótarbhealach MKAD, agus an 204 km2 eile – taobh amuigh de. Is é 156m an airde mheánach os cionn leibhéal na mara. Tá an pointe is airde – 225m – suite ar an Ard Theóiplaí Stan. Tá an abhann Moscó 38km ar fhad taobh istigh den MKAD.
Crios ama
Tá Moscó suite sa chrios ama Moscó (UTC+3).
Fásra
Tá 34,300 ha (nó an tríú cuid na cathrach go léir) faoi ghlas.
I Moscó tá páirceanna agus coillte móra ann mar Ismaidhlobhscí, Timíriasebhscí, Filiobhscí, Liúblinscí, Bútobhscí, Bitsebhscí, Kusmínscí, Kúscobjo, an Gáirdín na Lus, Gáirdín Niescútsní, Bitsebhscí, na séadchomhartha Tsaritsinó agus Kolomenskoe.
Tá cuid den Pháirc Náisiúnta Losíní Ostrobh (Inis na Mús) suite laistigh den chathair.
Daoine cáiliúla
- Alexei Alexeyevich Abrikosov — fisiceoir Rúiseach
- Áine na Rúise — Banimpire na Rúise (1693–1740)
- Alexander Alekhine — imreoir fichille Rúiseach-Francach
- Yuri Andropov — Ard-Rúnaí Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh (1914-1984)
- Fyodor Dostoyevsky — úrscéalaí Rúiseach (1821–1881)
- Margarita Gasparyan — imreoir leadóige Rúiseach
- Daria Gavrilova — imreoir leadóige Rúiseach
- Vitaly L. Ginzburg — fisiceoir Rúiseach
- Sofia Kenin — imreoir leadóige Meiriceánach
- Karen Khachanov — imreoir leadóige Rúiseach
- Semyon Kozhin — ealaíontóir Rúiseach
- Aleksandra Krunić — imreoir leadóige Seirbiach
- Yury Luzhkov — polaiteoir Rúiseach (1936-2019)
- Ekaterina Makarova — imreoir leadóige Rúiseach
- Nikita Mazepin — tiománaí carr rásaíochta Rúiseach
- Daniil Medvedev — imreoir leadóige Rúiseach
- Konon Molody — oifigeach faisnéise Sóivéadach
- Natalia Naryshkina — banimpire Rúiseach (1651-1694)
- Boris Pasternak — scríbhneoir Rúiseach (1890-1960)
- Alexander Pushkin — file Rúiseach (1799-1837)
- Evgeniya Rodina — imreoir leadóige Rúiseach
- Andrey Rublev — imreoir leadóige Rúiseach
- Olesya Rulin — ban-aisteoir Rúiseach
- Andrey Sakharov — fisiceoir núicléach Sóivéadach agus gníomhaí ar son cearta daonna
- Svetlana Savitskaya — spásaire Sóivéadach
- Olga Scheps — pianódóir Gearmánach-Rúiseach
- Yaroslava Shvedova — imreoir leadóige Casacach
- Vladimir Solovyov — iriseoir Rúiseach
- Vladimir Vysotsky — amhránaí, file, agus aisteoir Sóivéadach (1938–1980)
- Lev Yashin — imreoir sacair Sóivéadach (1929–1990)
- Mischa Zverev — imreoir leadóige Gearmánach
