Is fine mhór de phlandaí bláthanna monacotailéadónacha é Poaceae nó Gramineae ar a dtugtar féar go coitianta. Cuimsíonn an fhine na féara gránach, bambú, na féara ar thalamh féaraigh nádúrtha, agus speicis a shaothraítear ar fhaichí.
Le thart ar 780 géineas agus thart ar 12,000 speiceas, is é Poaceae an cúigiú fine plandaí is mó, tar éis Asteraceae, Orchidaceae, Fabaceae agus Rubiaceae.
Meastar go gcuimsíonn tailte féaraigh, cosúil le sabhána agus fásach féir, 40.5% d'achar talún an Domhain, gan an Ghraonlainn agus an Antartaice san áireamh. Is cuid thábhachtach den fhásra i go leor gnáthóg eile iad na féara, mar shampla i mbogach, i bhforaoisí agus i dtundra.
