Iasc fadaithe le colainn chaol atá forleathan i locha is aibhneacha thuaisceart na hEoráise is Mheiriceá Thuaidh is ea an lota (Lota lota; Béarla: burbot). Tugtar an breac beadaí air freisin. An t-aon iasc fionnuisce de chlann an troisc. Suas le 1 m ar fhad. Barbal amháin faoin mbéal. Déantar iascaireacht thrádálach air sa Rúis. Tugtar an puteascann air freisin.
Tagairtí
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
