Tír in oirdheisceart na hÁise í Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos (Laos).
Tá sí ag críochantacht leis an gCambóid, le Maenmar, le Daon-Phoblacht na Síne, leis an Téalainn, agus le Vítneam. Is í an Laoisis an teanga náisiúnta, agus í gaolmhar go mór leis an Téalainnis - le fírinne, is ionann í, a bheag nó a mhór, agus an chanúint a labhraítear i dtuaisceart na Téalainne, cé go bhfuil caighdeán agus scríbhneoireacht dá cuid féin aici. Is í Vientiane an phríomhchathair. Tá rialtas Cumannach i réim i Laos.
