factograf
GA
Sign in

Iwi

Is éard is iwi ann ná an t-aonad sóisialta is mó i sochaí na Maorach in Aotearoa (An Nua-Shéalainn). Is éard is brí leis an bhfocal go litriúil ná “cnámh(a)”, ach sa bhrí shóisialta seo aistrítear mar “treibh”, “pobal”, nó “náisiún” é. Is focal uatha agus iolra araon sa Maorais é, agus de ghnáth úsáidtear é mar sin i mBéarla na Nua-Shéalainne, agus i nGaeilge freisin.

Rianaíonn na grúpaí iwi a sinsir siar go dtí na himircigh Pholainéiseacha a tháinig i dtír ó Hawaiki, de réir an tseanchais. Cuirtear roinnt iwi le chéile i ngrúpaí níos mó a dtugtar waka orthu (go litriúil, “curacha” — tagairt don iomramh a rinne na himircigh), bunaithe ar whakapapa (seanchas ginealaigh). Sa ré réamhchoilíneach, bhí dlúthbhaint ag daoine Maoracha le grúpaí measartha beag: hapū (“fo-threibheanna”) and whānau (“teaghlach”). Bíonn roinnt hapū mar chuid de gach iwi; mar shampla, i measc na hapū san iwi Ngāti Whātua, tá Te Uri-o-Hau, Te Roroa, Te Taoū, agus Ngāti Whātua-o-Ōrākei. Úsáideann na Maoraigh an focal rohe chun cur síos a dhéanamh ar limistéar nó teorainneacha na iwi.

I Nua-Shéalainn an lae inniu, tá cumhacht pholaitiúil nach beag ag na iwi a bhaineann le bainistíocht talún agus acmhainní eile. Mar shampla, de réir comhréitigh idir Rialtas na Nua-Shéalainne agus Ngāi Tahu faoi Chonradh Waitangi sa bhliain 1997, tugadh cúiteamh airgid don iwi as caillteanais éagsúla a bhain leis na cearta a ráthaíodh don phobal dúchasach i gConradh Waitangi sa bhliain 1840. Sa bhliain 2019, bhí sócmhainní comhchoiteanna ag an treibh arbh fhiú thart ar 1.6 billiún euro iad. Sa bhliain 2004, rinne roinnt iwi iarracht a gcuid ceart úinéireachta ar ghrinneall na farraige agus ar an trá a thástáil sna cúirteanna, cás a scoilt pobal na Nua-Shéalainne.

Tosaíonn go leor ainmneacha iwi le Ngāti nó le Ngāi (ó ngā āti agus ngā ai faoi seach, leis an mbrí “sliocht” nó “síol” mar atá againn sa Ghaeilge, Síol Chonaire, srl.) Tá Ngāti ina mhoirféim tháirgiúil i mBéarla na Nua-Shéalainne anois, chun tagairt a dhéanamh do ghrúpaí daoine: mar shampla Ngāti Pākehā (Pākehā, nó daoine de bhunadh na hEorpa, mar ghrúpa), Ngāti Poneke (Maoraigh a chuaigh ar imirce go réigiún Wellington), agus Ngāti Rānana (Maoraigh ina gcónaí i Londain). Is é Ngāti Tūmatauenga (“Sliocht Tūmatauenga”, dia an chogaidh) an t-ainm oifigiúil ar Arm na Nua-Shéalainne sa Maorais, agus tugtar Ngā Opango (“An Treibh Dhubh”) ar na All Blacks.

Iwi is mó de réir daonra

  1. Ngāpuhi – 125,601 (in 2013) – lonnaithe i Réigiún na Tíre Thuaidh
  2. Ngāti Porou – 71,049 (in 2013) – lonnaithe in Gisborne agus East Cape
  3. Ngāti Kahungunu – 61,626 (in 2013) – lonnaithe ar chósta thoir an Oileáin Thuaidh
  4. Ngāi Tahu – 54,819 (in 2013) – lonnaithe san Oileán Theas
  5. Waikato Tainui – 40,083 (in 2013) – lonnaithe i Réigiún Waikato
  6. Ngāti Tūwharetoa – 35,874 (in 2013) – lonnaithe i lár an Oileáin Thuaidh
  7. Ngāti Maniapoto – 35,358 (in 2013) – lonnaithe i Waikato agus Waitomo
  8. Tūhoe – 34,890 (in 2013) – lonnaithe in Te Urewera agus Whakatane
  9. Te Arawa – 19,719 (in 2013) – lonnaithe i mBá na Flúirse

Read next

In 26 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article