

Is éard atá i gceist le inimirce ná imirce isteach i dtír ó thíortha eile.
An difríocht idir eisimirce agus imirce. Baineann an eisimirce le himeacht ó áit; baineann an inimirce le teacht go háit. An eisimirce ó Éirinn, bhain sí a buaic amach aimsir an Ghorta; i rith an Tíogair Cheiltigh, bhí go leor inimirce chun na hÉireann ón bPolainn. Agus baineann an imirce le gluaiseacht ó thír nó ó ilchríoch amháin go tír nó go hilchríoch eile; ní féidir imirce a dhéanamh ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, mar shampla.
Fás eacnamaíoch
Brú eacnamaíochta agus easpa a chuireann daoine réasúnacha i dtreo an fhuatha agus an naimhdis. Tá manaí na heite deise le cloisteáil timpeall an domhain – cén fáth go mbeadh ár gcuid acmhainní á roinnt le heachtrannaigh nuair nach bhfuil ár ndóthain againn féin? Ach is léir na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann leis an inimirce ó thaobh na maicreacnamaíochta de
