Fealsamh iomráiteach ó Ríocht na Prúise i Ré na hEagnaíochta ba ea Immanuel Kant (22 Aibreán 1724 - 12 Feabhra 1804).
Saothar
I dteagasc an Idéalachais Tharchéimniúla d’áitigh Kant nach raibh sa spás, san am agus sa chúisíocht ach céadfachtaí; tá “rudaí iontu féin” ann ach ní féidir eolas a fháil orthu.
Dúirt Kant go gcuireann an intinn cruth ar an eispéireas agus go bhfuil na hairíonna céanna ag an eispéireas daonna go léir. Tá tagairt do réabhlóid Copernicus ina thairiscint go bhféadtar réada a iomasú a priori (roimh ré) agus dá bhrí sin go bhfuil an t-iomasú neamhspleách ar an réaltacht oibiachtúil. Shíl Kant gurbh é an réasún máthair na moráltachta agus gur tháinig an aeistéitic d’acmhainn bhreithiúnais neamhchlaonta. Tá tionchar ag tuairimí Kant ar fhealsúnacht ár linne fós, go háirithe i réimsí na eipistéimeolaíochta, na heitice, na teoirice polaitiúla agus na aeistéitice iar-nua-aoisí.
Scríobh Kant a mhórshaothar Critic an Fhíor-Réasúin (1781) chun an gaol idir réasún agus eispéireas daonna a mhíniú. Bhí fonn air deireadh a chur le teoiricí amhantracha faoin eispéireas daonna agus cur i gcoinne sceipteachas David Hume agus a leithéidí. Shíl sé gur sháraigh sé an fál go haer a thóg réasúnaithe agus eimpírithe eatarthu féin, agus meastar go forleathan gur chomhtháthaigh sé an dá thraidisiún.
Ba é tuairim Kant go dtiocfadh síocháin shíoraí de dhaonlathas uilíoch agus de chomhoibriú idirnáisiúnta. Shíl sé go dtarlódh sé seo de bharr na staire uilíche cé nach mbeadh sé pleanáilte. Tá díospóireacht ar siúl go fóill faoi smaointe reiligiúnda Kant. Deir daoine éigin gurbh aindiachaí ar dtús é agus gur chum sé argóint ointeolaíoch ar son Dé i gceann tamaill, agus tá daoine eile níos déine air, go háirithe Schopenhauer, fealsamh a dúirt nach raibh i bhfoirm ordaitheach eitic Kant ach “moráltacht dhiaga” agus “Deich nAitheanta Mhaois faoi cheilt,” agus Nietzsche, a mhaígh go raibh fuil diagaire in Kant agus nach raibh ann ach cosantóir sofaisticiúil na Críostaíochta.
D’fhoilsigh Kant saothair thábhachtacha eile ar eitic, reiligiún, dlí, aeistéitic, réalteolaíocht agus stair. Orthu sin tá Stair Nádúrtha Uilíoch (1755), Critic an Réasúin Phraiticiúil (1788), Meitifisic na Moráltacha (1797), Critic an Bhreithiúnais (1790), leabhar ar aeistéitic agus ar theileolaíocht, and Reiligiún Laistigh de Theorainn an Lom-Réasúin (1793).
Saol
Ba in Konigsberg a saolaíodh is a cuireadh oideachas ar Kant.
