factograf
GA

ceannaí polaitíochta Palaistíneach (1929–2004)

Iasar Arafat

Iasar Arafat

Key facts

dáta breithe4 Lúnasa 1929
dáta báis11 Samhain 2004
scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chaireo
gairmpolaiteoir, innealtóir sibhialta, trodaí ar son na saoirse
áit bhreitheCaireo
áit bháisHôpital d'instruction des armées Percy
All data from the card 19
Ainm sa teanga dhúchais
(ar) ياسر عرفات
Breith
(ar) محمد ياسر عبد الرحمن عبد الرؤوف عرفات 4 Lúnasa 1929Caireo (an Éigipt)
Bás
11 Samhain 2004 75 bliana d'aoisHôpital d'instruction des armées Percy, An Fhrainc
Siocair bháis
Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach agus autoimmune thrombocytopenic purpura (en) )
Áit adhlactha
Al-Muqata'a
Grúpa eitneach
Arabaigh
Idé-eolaíocht pholaitíochta
Náisiúnachas Arabach agus sóisialachas Arabach
Reiligiún
An tIoslam Sunnaíoch
Scoil a d'fhreastail sé/sí
Ollscoil Chaireo - innealtóireacht shibhialta (1944–1950)
Áit chónaithe
Al-Muqata'aAl-Maghariba Quarter (en)
Teanga dhúchais
an Araibis
Gairm
polaiteoir, trodaí ar son na saoirse, innealtóir sibhialta, innealtóir
Ball de pháirtí polaitíochta
Fatah
Teangacha
An Araibis agus Béarla
Céim mhíleata
ardcheannasaí
Coinbhleacht
Cogadh Arab-Iosraelach 1948
Céile
Suha Arafat (1990–2004)
Athair
Abdel Raouf al-Qudwa al-Husseini agus Zahwa Abul Saud
Siblín
Khadija Arafat, Fathi Arafat agus Jamal Arafat
Nasser, an rí Faisal agus Yasser Arafat (ar dheis) 1970
Nasser, an rí Faisal agus Yasser Arafat (ar dheis) 1970
1994: Yasser Arafat, Shimon Peres, agus Yitzhak Rabin: Bronnadh Duais Nobel na Síochána orthu as a gcuid saothar i bpróiseas na síochána.
1994: Yasser Arafat, Shimon Peres, agus Yitzhak Rabin: Bronnadh Duais Nobel na Síochána orthu as a gcuid saothar i bpróiseas na síochána.
ar dheis, in Amman, 1970
ar dheis, in Amman, 1970
1999
1999
másailéam inniu i Ramallah
másailéam inniu i Ramallah
5 images

Bhí Yasser Arafat (nó Iasar Arafat) (24 Lúnasa 1929 – 11 Samhain 2004) a rugadh faoin ainm Mohammed Abdel-Raouf Arafat al-Qudwa al-Husseini (Araibis: محمد عبد الرؤوف القدوة الحسيني) ina uachtarán ar Údarás na Palaistíne.

Polaitíocht

Bhí Arafat ina bhunaitheoir agus ina cheannaire ar FATA, chomh maith le bheith ina chathaoirleach ar Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne (ó 1969 ar aghaidh).

Chomhbhuaigh sé Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1994.

Ar an 20 Eanáir 1996, toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach (Palestinian National Authority).

Labhair Paddy Monaghan, Cathaoirleach Irish Christian Friends of Israel, faoi sa bhliain 2012:

'Rinne Arafat idirbheartaíocht ar Chomhaontú Osló, ach níor chur sé i bhfeidhm é. An aidhm a bhí aige ná bogadh ar ais ón Libia go dtí an Bruach Thiar lena chuid tacadóirí.... Rinneadh taifead rúnda air agus é ag labhairt i Mosc san Afraic Theas trí mhí tar éis Chomhaontú Osló agus dúirt sé, “ná bí buartha faoin gconradh síochána seo, is ionann é agus traein ag stopadh ag stad. Bainfidh muid amach an sprioc atá againn, chun deireadh a chur le hIosrael. Ardán a bheas anseo chun é sin a dhéanamh”.'

Níl aon taifead ann den saghas sin is cosúil. Ach sé bliana níos déanaí, in 2001, labhair Arafat san Afraic Theas agus tá cuma eile ar a chuid tuairimí ag an am anseo, mar shampla...

"This brutality and arrogance [of Israel] are moved by a mentality of superiority that practises racism and racial discrimination, that adopts ethnic cleansing."

Bás

Tháinig tinneas dona air i nDeireadh Fómhair 2004.

Fuair sé bás in ospidéal míleata i bPáras na Fraince ar an aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 2004 agus cuireadh ina cheanncheathrú é in Ramallah tar éis sochraide i gCaireo na hÉigipte.

Raflaí go leor

Is beag duine a chreidfeadh inniu go mbeadh aon bhaint ag bás Yasser Arafat le monarcha i gConamara. Ar ócáid a bháis, bhí tuairisc ag Nuacht TG4 ar na scaireanna a bhí ag Údarás na Palaistíne agus baill de theaghlach Arafat i gcomhlacht as Ceanada a bhí mar phríomhaí ag an am sa chomhlacht Bioniche in Indreabhán, creid nó ná creid.

Tharraing na tosca a bhain lena bhás conspóid chom maith. Nimhíodh é nó chreid daoine áirithe sin ag an am. Ach níl fianaise chomhthacaíoch ann; níor cruthaíodh go raibh na ráflaí fíor, a dúirt eolaithe agus na cúirteanna sa Fhrainc sa bhliain 2015.

Read next

In 125 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article