
Fealsamh agus eolaí Nua-Phlatónach ab ea Hypatia nó Hypatia Chathair Alastair (Gréigis: Hypatia, Ὑπατία; (c. 370 - Márta 415). Bhí cáil uirthi go háirithe mar mhatamaiticeoir agus réalteolaí. Teagascóir agus ceannaire ar Scoil Nua-Phlatónach Chathair Alastair a bhí inti. Áirítear í mar an chéad bhean a raibh páirt mhór aici i bhforbairt na matamaitice.
Iníon le Theon, matamaiticeoir agus ceannaire ar Leabharlann Chathair Alastair, san Éigipt, ab ea Hypatia. Thosaigh sí ar a saol gairmiúil ag glacadh páirte i saothar fealsúnachta a hathar. De réir a bhfuil scríofa fúithi sa seanam, bean álainn ach modhúil í. Mharaigh slua Críostaithe i gCathair Alastair í.
Naisc sheachtracha
- Hypatia sa Chiclipéid Britannica. Arna rochtain ar 23 M.F. 2016.
Tagairtí
Is síol faoi dhuine Éigipteach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
