factograf
GA
Sign in

Gerry Kelly

Gerry Kelly

Key facts

dáta breithe5 Aibreán 1953
gairmpolaiteoir
áit bhreitheBéal Feirste
post nó oifigAire Sóisearach
ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin
All data from the card 8
Breith
(en) Gerard Kelly 5 Aibreán 1953 73 bliana d'aoisBéal Feirste, Northern Ireland
Scoil a d'fhreastail sé/sí
St Finian's Primary School (en)
Gairm
polaiteoir
Ball de pháirtí polaitíochta
Sinn Féin
Ball de
Óglaigh Shealadacha na hÉireann
Teangacha
Béarla
Brainse míleata
Óglaigh Shealadacha na hÉireann
Suíomh gréasáin
sinnfein.ie…

Is polaiteoir poblachtach Éireannach de chuid Shinn Féin é Gerard "Gerry" Kelly (Gaeilge: Gearárd Ó Ceallaigh); a saolaíodh an 5 Aibreán 1953, agus iaróglach de chuid na Sealadaigh (PIRA). Bhí ról ceannródaíoch aige i rith an phróisis idirbheartaíochta a raibh Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh orthu, ar an 10 Aibreán 1998. Faoi láthair, is ball d'Ard-Chomhairle Shinn Féin é agus is Comhalta den Tionól Reachtach (CTR) é do Bhéal Feirste Thuaidh, ó 1998 ar aghaidh.

Luathshaol

Rugadh Gerard Francis Kelly ar 5 Aibreán 1953 ar Shráid Raglan i gceantar Íochtarach na bhFál, i mBéal Feirste. Íochtarach i mBéal Feirste. Tá sé ar dhuine d'aon leanbh déag, seachtar buachaillí agus ceathrar cailíní. Chuaigh sé go dtí St Finian's Primary School ar Bhóthar na bhFál. Ní raibh a mhuintir thar a bheith polaitiúil; mar sin féin bhí a sheanathair ina thacaitheoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre. Chuaigh Kelly ar aghaidh ina dhiaidh sin go dtí St Peter's Secondary School, áit ar bhain sé a chuid O-Leibhéil amach, sular fuair sé a chéad phost, in aois a 17, sa Státseirbhís mar oifigeach cléireachais i Roinn Leictreachais Chorparáid Bhéal Feirste.

Sa bhliain 1971, chuaigh Kelly isteach in eagraíocht óige mhíleata na bPoblachtánach, Fianna Éireann. Gabhadh é níos déanaí i Lúnasa 1971 agus cuireadh i bPríosún Mhuinseo é ar feadh roinnt míonna. I mí Eanáir 1972, d'éalaigh sé, agus chuaigh sé isteach in Óglaigh Shealadacha na hÉireann i gceantar na Carraige Gile/Bhaile Uí Mhurchú ar a fhilleadh go Béal Feirste.




Tagairtí

Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

Read next

In 6 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article