
Ba eolaí ón Ghearmáin é Georg Simon Ohm, agus tá dlí Ohm ainmnithe ina onóir.
Riail bhunúsach i gcúrsaí srutha leictrigh is ea dlí Ohm. De réir an dlí, ní mór foinse voltais a bheith ar fáil chun sruth leictreach a bhrú trí fhriotaíocht seoltóra ar bith. Athraíonn an fhriotaíocht de réir mar a athraíonn fad, achar trasghearrach, agus teocht.
Le haghaidh roinnt seoltóirí (miotail ach go háirithe) bíonn an voltas idir dhá fhoirchinn seoltóra i gcomhréir díreach leis an sruth atá eatarthu ag teocht tairiseach.
Saol

