Péintéir agus déantóir priontaí Spáinneach ba ea Francisco José de Goya y Lucientes (30 Márta 1746 – 16 Aibreán 1828). Rinne sé úsáid as an ealaín le pointe láidir a dhéanamh faoi bhrúidiúleacht agus faoi éadairbhe na cogaíochta. Léirigh Francisco Goya íomhánna uafáis sna pictiúir sa tsraith Los Desastres de la Guerra a thaispéain radharcanna doshamhlaithe a tharla le linn Chogadh na Leithinse (Cogadh na Saoirse, 1808-14).
A Chéad Óige

Rugadh i Fuendetodos i ríocht Aragón é sa bhliain 1746. D'aistrigh a mhuintir go Zaragoza agus sa chathair sin a fuair sé a chuid oideachais.
Péintéireacht
Bhí sé ceithre bliana déag d'aois nuair a thosaigh sé ag obair leis an bpéintéir José Luján.
Chaith sé tamall i Maidrid agus sa Róimh sular fhill sé ar Zaragoza.
Rinne sé staidéar faoi stiúir Francisco Bayeu y Subías. Phós Josefa, deirfiúr Bayeu, sa bhliain 1774. Tháinig clú agus cáil air um an dtaca sin.
Cailleadh i mBordeaux é ar 16 Aibreáin 1828.
Tionchar
Bhí an-tionchar ag Goya ar an bpéintéireacht nua-aimseartha, ar phéintéirí mar Manet agus Pablo Picasso. Bhí meas mór ag Picasso ar shaothar Goya agus is cinnte go raibh a thionchar siúd le brath ar an phictiúr cháiliúil Guernica, an racht feirge a lig sé mar fhreagra ar an díothú a rinne na Naitsithe ar an bhaile Bhascach sin i 1937.
Íomhánna







Féach freisin
- Cogadh na Saoirse (An Spáinn)
- Museo del Prado: Bíonn go leor de na hoibreacha a rinneadh Francisco de Goya ina chuid de bhuaicphointí an bhailiúcháin.
- John J. Ciofalo, The Self-Portraits of Francisco Goya. Cambridge University Press, 2001
- Robert Hughes Goya, 2003, ISBN 1-84343-054-1
Naisc
- Goya (y Lucientes), Francisco (José) de
- http://www.imageone.com/goya/
