Stair
Sna 2000idí, bhí Facebook in iomaíocht dhíreach le láithreáin líonraithe shóisialta eile, ar nós Bebo agus MySpace. Dar le Facebook, sa bhliain 2008 bhí breis is 60 milliún duine cláraithe ar an suíomh agus bíonn breis is 50% acu ag logáil isteach go laethúil.
D'fhógair phríomhfheidhmeannach Meta, Mark Zuckerberg, ar an 8 Eanáir 2025 go gcuirfí "deireadh le seiceáil fíricí" ar Facebook. Ní córas cuimsitheach fiosrúcháin a bhí ar intinn Zuckerberg, ach córas faoinar baineadh amach sciar den ábhar a bhí mídhleathach, bagrach, maslach, ciníoch, frithghiúdach (nó frith-Iosraelach fiú), nó fuafar ar mhná, ar thrasdaoine agus ar ghrúpaí áirithe eile.
Facebook in Éirinn
Dé réir staidrimh in 2018, tá cuntas Facebook ag 65% na ndaoine in Éirinn.
An Ghaeilge ar Facebook
Labhraítear agus úsáidtear an Ghaeilge ar Facebook. Sa bhliain 2023, thug an Coiste Gaeilge agus Gaeltachta i dTeach Laighean cuireadh d’ionadaithe ó chomhlachtaí Meta agus Facebook chun plé a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn a thuilleadh ar an ardán.
Is féidir an Ghaeilge a roghnú mar theanga ar Facebook.