factograf
GA

rapálaí agus aisteoir Meiriceánach (1963–2022)

Coolio

Coolio

Key facts

dáta breithe1 Lúnasa 1963
dáta báis28 Meán Fómhair 2022
scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Compton
gairmrapálaí, cumadóir amhrán, léiritheoir ceirníní
áit bhreitheMonessen
áit bháisLos Angeles
All data from the card 13
Breith
(en) Artis Leon Ivey Jr. 1 Lúnasa 1963Monessen, Pennsylvania
Bás
28 Meán Fómhair 2022 59 bliana d'aoisLos Angeles, California
Siocair bháis
Bás tionóisceach (Fentanyl toxicity (en) )
Ainm cleite
Coolio
Scoil a d'fhreastail sé/sí
Coláiste Compton
Teanga dhúchais
Béarla
Réimse oibre
Rapáil
Gairm
rapálaí, léiritheoir ceirníní, cumadóir amhrán, aisteoir
Tréimhse oibre
1987 – 2022
Seánra
Hip hap an chósta thiar, rap gangsta agus pop rap (en)
Teangacha
Béarla
Uirlis
Ceol gutha
Lipéad ceoil
Allied Artists Music Group Warner Bros. Records Tommy Boy Records (1994–1998)

Ba rapálaí, léiritheoir ceoil, agus aisteoir Meiriceánach é Artis Leon Ivey Jr. (1 Lúnasa 1963 – 28 Meán Fómhair 2022), nó Coolio mar ab fhearr aithne air. Bhain Coolio clú is cáil amach i lár na 1990idí lena chuid albam It Takes a Thief (1994), Gangsta's Paradise (1995), agus My Soul (1997). B'fhearr aithne air as a amhrán “Gangsta's Paradise” a bhuaigh Gradam Grammy sa bhliain 1995, chomh maith le “Fantastic Voyage” (1994), “1, 2, 3, 4 (Sumpin’ New)” (1996), agus “CU When U Get There” (1997).

Sheinn sé an téamamhrán “Aw, Here It Goes!” don tsraith theilifíse Kenan & Kel ar Nickelodeon i 1996. Ó 1996 ar aghaidh, d'eisigh Coolio a chuid albam go neamhspleách. Chruthaigh sé sraith ghréasáin dar teideal Cookin' with Coolio agus d'fhoilsigh sé leabhar cócaireachta freisin. Tháinig clú agus cáil air i dtús báire mar bhall den ghrúpa rapcheoil gangsta WC and the Maad Circle in éineacht le WC agus a dheartháir, Crazy Toones.

Read next

In 55 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article