factograf
GA

polaiteoir Meiriceánach

Andrew Cuomo

Andrew Cuomo

Key facts

dáta breithe6 Nollaig 1957
airde180cm
scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Fordham
gairmdlíodóir, polaiteoir, gobharnóir
áit bhreitheQueens
céileKerry Kennedy
All data from the card 22
Breith
(en) Andrew Mark Cuomo 6 Nollaig 1957 68 bliana d'aoisQueens, New York
Reiligiún
Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/sí
Ollscoil Fordham - Baitsiléir Ealaíon (–1979)Ardscoil an Ard-Easpaig Molloy (–1975)Scoil Dlí Albany - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–1982)Robert F. Wagner Graduate School of Public Service (en)
Céim acadúil
dochtúireacht sa dlí-eolaíocht
Áit chónaithe
New York State Executive Mansion (en)
Teanga dhúchais
Béarla
Airde
180.3 cm
Dath súile
Donn
Réimse oibre
Rialú gunnaí
Suíomh oibre
Washington, D.C. Albany
Gairm
dlíodóir, saineolaí dlí, gobharnóir, polaiteoir, ionchúisitheoir
Fostóir
Fried, Frank, Harris, Shriver & Jacobson (en) (2001–2004)United States Department of Housing and Urban Development (en) (1993–2001)HELP USA (en) (1986–)
Ball de pháirtí polaitíochta
an Páirtí Daonlathach
Teangacha
Béarla
Teaghlach
Cuomo family (en)
Céile
Kerry Kennedy (1990–2005), colscaradh
Páirtí
Sandra Lee (2005–2019)
Páiste
Mariah Kennedy Cuomo ( Kerry Kennedy)Cara Kennedy-Cuomo ( Kerry Kennedy)Michaela Kennedy-Cuomo ( Kerry Kennedy)
Athair
Mario Cuomo agus Matilda Cuomo
Siblín
Margaret I. Cuomo, Maria Cuomo Cole agus Christopher Cuomo
Duine muinteartha
Bella Cuomo (en) (iníon dearthár)
Suíomh gréasáin
andrewcuomo.com
1998
1998
Bill Clinton, Kerry Kennedy Cuomo agus Andrew Cuomo, 2020
Bill Clinton, Kerry Kennedy Cuomo agus Andrew Cuomo, 2020
2 images

Polaiteoir Meiriceánach agus gobharnóir Stát Nua-Eabhrac is ea Andrew Mario Cuomo (a rugadh ar 6 Eanáir 1957 in Queens, Nua-Eabhrac).

Saol

Is é Andrew Cuomo an mac is sine ag Mario Cuomo (a rugadh sa bhliain 1932), a bhí ina ghobharnóir ar Stát Nua-Eabhrac freisin, agus ag Matilda Raffa. Tá deartháir, Chris, ag Andrew chomh maith le deirfiúr, Maria. D'fhreastail sé ar Archbishop Molloy High School (1975) agus bhain céimeanna amach ó Ollscoil Fordham (1979) agus ó Scoil Dlí Albany (1982).

Ón bhliain 1991 go dtí an bhliain 2003 bhí Cuomo pósta le Kerry Kennedy, iníon le Robert Kennedy agus Ethel Kennedy. Fuair Cuomo agus Kennedy colscaradh. Tá triúr iníonacha acu: Mariah Matilda Kennedy Cuomo (a rugadh sa bhliain 1995), Cara Ethel Kennedy Cuomo (1995) agus Michaela Andrea Cuomo (1997).

Aturnae Ginearálta Stát Nua-Eabhrac a bhí in Andrew Cuomo idir na blianta 2006 agus 2010. Tá saineolas aige ar chúrsaí lóistín agus tithíochta, agus d’oibrigh sé i gcoinne an truaillithe pholaitiúil. D’oibrigh sé ar feadh roinnt blianta i rialtas an Uachtarán Bill Clinton mar rúnaí stáit ar son tithíochta. Tá sé mór le Bill Clinton go fóill.

Toghadh Cuomo mar ghóbhanóir ar Stát Nua-Eabhrac sa bhliain 2010 i gcomharbas ar David Paterson, a bhí sa phost úd i ndiaidh d'Elliot Spitzer, an ghobharnóir roimhe sin, éirí as an phost mar gheall ar scannal faoi striapacha. Ba bhaill den Pháirtí Daonlathach iad Paterson agus Spitzer, mar i gcéanna le Andrew Cuomo.

Scannal

Sa bhliain 2021, d'éirigh Cuomo as a ról mar ghobharnóir ar Nua-Eabhrac mar thoradh ar fhiosrúchán ag Ard-Aighne an Stáit sin a chruthaigh go raibh bunús le líomhaintí go mbíodh ciapadh agus bulaíocht ar bun aige ar mhná a bhíodh ag obair leis. Go drogallach a ghlac sé leis an mbreithiúnas ina aghaidh agus chuir sé cuid den mhilleán ar na hathruithe i ngnásanna iompair phoiblí le blianta anuas (Gluaiseacht MeToo).

Naisc sheachtracha

  • Suíomh oifigiúil an Ghobharnóir Andrew M. Cuomo
  • Beathaisnéis ag suíomh an National Governors Association

Read next

In 49 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article