factograf
GA

Anúbas

Anúbas
All data from the card 9
Cineál
dia de chuid na Sean-Éigipte hibrid mhiotasach dia an bháis
I saothar
Jumilhac papyrus (en)
Miotaseolaíocht
reiligiún na Sean-Éigipte
Inscne
fireann
Céile
Anput (en)
Máthair
Néaftas
Athair
Séat agus Óisíris
Leanaí
Kebehet (en)
Cuid de
Miotaseolaíocht na hÉigipte

Dia báis i reiligiún na Sean-Éigipte is ea Anúbas. Is é ceann de na bpríomhdhéithe básanna i gcultúr na Sean-Éigipte, agus bhí sé an-tábhachtach i gcúrsaí adhlactha. Tháinig an t-ainm Anúbas ón Gréigis Ανουβις agus ón Sean-Éigiptis Inpw, Jnpw nó Inpu (𓇋𓈖𓊪𓅱𓃣). De ghnáth, léirítear é mar sheacál nó cainíneach eile ina shuí ar bharr scríne nó ina sheasamh le ceann seacáil agus corp daonna. In íomhánna ón ré Gréag-Rómhánaigh, taispeántar é uaireanta ag caitheamh cathéide. Athnaíodh é mar phátrún na mbalsamóra.

Miotaseolaíocht

Ba é Anúbas príomhdhia an bháis sular tháinig Óisíris sa ról seo mar Rí an tSaoil Eile agus an domhain thíos. D'fhan Anúbas tábhachtach sa mhiotaseolaíocht áfach agus creideadh gurb é i gceannas an próiseas mumaithe agus gur threoraigh sé agus chosain sé anamacha na marbh.

Bhí ról lárnach aige i mbreithiúnas na marbh bainte le searmanas ualú na gcroíthe, nuair a cuireann sé croí an duine bás ar meá le cleite an bhandé Mát chun cead a thugaint don anam dul ar aghaidh chuig an Saol Eile.

Adhradh

Bhí Anúbas ina phríomhdhia don 17ú réigiún sa Dheisceart Éigipte agus a phríomhchathair Cynopolis ach bhí a chultas aithnithe fud fad na hÉigipte, mar shampla croílár a chultas a bhí an reilig Mheimfis sa Ré Déanach agus Ré na dTolamaesach. Credítear gur chaitheadh sagairt maisc Anúbas i rith deasghnátha sochraide.

Read next

In 91 languages

Text from Wikipedia, CC BY-SA 4.0 · Source article